|
+Airteagal 160p 2. |
Airteagal 160p 2.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a chur isteach ina gcláir:
(a)
i gclár Bhallstáit na gcuideachtaí is faighteoir – gur toradh ar dheighilt trasteorann é clárú na cuideachta is faighteoir;
(b)
i gclár Bhallstát na gcuideachtaí is faighteoir – dátaí clárúcháin na gcuideachtaí is faighteoir;
(c)
i gclár Bhallstáit na cuideachta atá á deighilt – gur toradh ar dheighilt trasteorann é an chuideachta atá á deighilt a scriosadh nó a bhaint;
(d)
i gclár Bhallstát na cuideachta atá á deighilt – i gcás deighilt iomlán, an dáta a dhéantar an chuideachta atá á deighilt a scrios ón gclár nó an dáta a dhéantar an chuideachta atá á deighilt a bhaint den chlár;
(e)
i gcláir Bhallstát na cuideachta atá á deighilt agus Bhallstáit na gcuideachtaí is faighteoir, faoi seach, uimhir chlárúcháin, ainm agus foirm dhlíthiúil na cuideachta atá á deighilt agus na gcuideachtaí is faighteoir. Cuirfidh na cláir an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil go poiblí agus beidh sé inrochtana trí chóras idirnascadh na gclár. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|