|
+Airteagal 160r 1. |
Airteagal 160r 1.Amhail ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 160q, beidh na hiarmhairtí seo a leanas ag deighilt trasteorann iomlán:
(a)
aistreofar sócmhainní agus dliteanais uile na cuideachta atá á deighilt, lena n‐áirítear gach conradh, gach creidmheas, gach ceart agus gach oibleagáid, chuig na cuideachtaí is faighteoir i gcomhréir leis an leithdháileadh a shonraítear i ndréacht-téarmaí na deighilte trasteorann;
(b)
tiocfaidh comhaltaí na cuideachta atá á deighilt chun bheith ina gcomhaltaí de na cuideachtaí is faighteoir i gcomhréir le leithdháileadh na scaireanna a shonraítear i dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann, mura rud é go bhfuil na scaireanna sin diúscartha ag na comhaltaí sin mar a thagraítear in Airteagal 160i(1);
(c)
cearta agus oibleagáidí sin na cuideachta atá á deighilt a eascróidh as conarthaí fostaíochta nó as caidrimh fostaíochta agus a bheidh ann an tráth a thiocfaidh an deighilt trasteorann in éifeacht, aistreofar chuig na cuideachtaí is faighteoir iad.
(d)
an chuideachta atá á deighilt, scoirfidh sí de bheith ann; 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|