+Airteagal 19 2a.

Airteagal 19 2a.

Faoin 31 Nollaig 2029, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

cur chun feidhme agus tionchar na treorach, arna bhforbairt ag an gCoimisiún faoin 31 Nollaig 2025, maidir le teicneolaíochtaí laghdaithe le haghaidh astaíochtaí mearcair agus comhdhúile mearcair ó chréamatóiriamaí arna gcur i bhfeidhm sna Ballstáit;

(b) 

an gá atá leis an díolúine ón toirmeasc ar úsáid malgaim fiaclóireachta dá dtagraítear in Airteagal 10(2a), an chéad fhomhír, a choinneáil ar bun, agus an tionchar ar shláinte na n-othar i gcoitinne agus na n-othar atá ag brath ar líonadh malgaim á chur san áireamh, agus an gá atá leis an maolú a choinneáil ar bun maidir le malgam fiaclóireachta a allmhairiú agus a mhonarú dá dtagraítear in Airteagal 10(7), an tríú fomhír;

(c) 

na forbairtí faoin gCoinbhinsiún a mhéid a bhaineann le céimniú amach úsáide neamhdhleathaí mearcair i gcosmaidí, agus faisnéis arna soláthar ag Páirtithe sa Choinbhinsiún i gcomhréir le Cinneadh MC-5/5 ó Chomhdháil na bPáirtithe maidir le tuarascáil ar chosmaidí a ullmhú á cur san áireamh;

(d) 

an gá atá le húsáidí mearcair atá fós ann a chéimniú amach;

(e) 

an gá atá le cur leis an liosta d’fhoinsí dramhaíola mearcair a leagtar amach in Airteagal 11;

(f) 

an gá atá le cur leis an liosta de chomhdhúile mearcair a leagtar amach in Iarscríbhinn I trí chlóiríd asainíde mhearcair (HgNH2Cl), mar shampla, a chur leis.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.03.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R0852
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.