+Airteagal 19 Athbhreithniú
---+Airteagal 19 1.
---+Airteagal 19 2.
---+Airteagal 19 2a.
---+Airteagal 19 3.

Airteagal 19 Athbhreithniú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 19 1.

Faoin 30 Meitheamh 2020 tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar thoradh a mheasúnaithe maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) 

an gá go rialálfadh an tAontas astaíochtaí mearcair agus comhdhúl mearcair ó chréamatóiriamaí;

(b) 

a indéanta a bheadh sé deireadh a chur le húsáid malgaim fiaclóireachta de réir a chéile san fhadtéarma, agus faoi 2030 más féidir, agus na pleananna náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 10(3) á gcur i gcuntas agus lánurraim á léiriú d'inniúlachtaí na mBallstát seirbhísí sláinte agus cúram sláinte a eagrú agus a sheachadadh; agus

(c) 

an tairbhe a dhéanfaí don chomhshaol agus a indéanta a bheadh sé Iarscríbhinn II a ailíniú tuilleadh le reachtaíocht ábhartha an Aontais lena rialáiltear táirgí ar cuireadh mearcair leo a chur ar an margadh.

Airteagal 19 2.
Faoin ►M3  31 Nollaig 2029 ◄ tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar chur chun feidhme agus ar athbhreithniú an Rialacháin seo, inter alia, i bhfianaise na meastóireachta éifeachtachta arna déanamh ag Comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún agus na dtuarascálacha a chuirtear ar fáil ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo agus Airteagal 21 den Choinbhinsiún.
Airteagal 19 2a.

Faoin 31 Nollaig 2029, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

cur chun feidhme agus tionchar na treorach, arna bhforbairt ag an gCoimisiún faoin 31 Nollaig 2025, maidir le teicneolaíochtaí laghdaithe le haghaidh astaíochtaí mearcair agus comhdhúile mearcair ó chréamatóiriamaí arna gcur i bhfeidhm sna Ballstáit;

(b) 

an gá atá leis an díolúine ón toirmeasc ar úsáid malgaim fiaclóireachta dá dtagraítear in Airteagal 10(2a), an chéad fhomhír, a choinneáil ar bun, agus an tionchar ar shláinte na n-othar i gcoitinne agus na n-othar atá ag brath ar líonadh malgaim á chur san áireamh, agus an gá atá leis an maolú a choinneáil ar bun maidir le malgam fiaclóireachta a allmhairiú agus a mhonarú dá dtagraítear in Airteagal 10(7), an tríú fomhír;

(c) 

na forbairtí faoin gCoinbhinsiún a mhéid a bhaineann le céimniú amach úsáide neamhdhleathaí mearcair i gcosmaidí, agus faisnéis arna soláthar ag Páirtithe sa Choinbhinsiún i gcomhréir le Cinneadh MC-5/5 ó Chomhdháil na bPáirtithe maidir le tuarascáil ar chosmaidí a ullmhú á cur san áireamh;

(d) 

an gá atá le húsáidí mearcair atá fós ann a chéimniú amach;

(e) 

an gá atá le cur leis an liosta d’fhoinsí dramhaíola mearcair a leagtar amach in Airteagal 11;

(f) 

an gá atá le cur leis an liosta de chomhdhúile mearcair a leagtar amach in Iarscríbhinn I trí chlóiríd asainíde mhearcair (HgNH2Cl), mar shampla, a chur leis.

Airteagal 19 3.
Tíolacfaidh an Coimisiún, más iomchuí, togra reachtach i dteannta leis na tuarascálacha dá dtagraítear san Airteagal seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.03.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R0852
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.