|
+Airteagal 15 Plean oibre |
Airteagal 15 Plean oibreAirteagal 15 Plean oibre Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an bhFóram Comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14, plean oibre fadtéarmach a bhunú a chuirfear ar fáil go poiblí. Leagfar amach sa phlean oibre liosta táscach de ghrúpaí táirgí a mheastar a bheith ina dtosaíochtaí maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. Leagfar amach sa phlean oibre freisin pleananna maidir le hathbhreithniú agus le hathscálú na lipéad do ghrúpaí táirgí i gcomhréir le hAirteagal 11(4) agus (5), seachas athscálú ar lipéid a bhí i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2017 ar athscálú é dá bhforáiltear in Airteagal 11 den Rialachán seo. Déanfaidh an Coimisiún an plean oibre a nuashonrú go tréimhsiúil tar éis dó dul i gcomhairle leis an bhFóram Comhairliúcháin. Féadfar an plean oibre a chomhcheangal leis an bplean oibre a cheanglaítear faoi Airteagal 16 de Threoir 2009/125/CE agus déanfar é a athbhreithniú gach trí bliana. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas ar bhonn bliantúil maidir leis an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme an plean oibre. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|