+Airteagal 3 Freagracht as slándáil an tsoláthair gáis
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 3 3.
---+Airteagal 3 4.
---+Airteagal 3 5.
---+Airteagal 3 6.
---+Airteagal 3 7.
---+Airteagal 3 8.

Airteagal 3 Freagracht as slándáil an tsoláthair gáis

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 3 1.
Beidh slándáil an tsoláthair gáis faoi fhreagracht chomhroinnte gnóthas gáis nádúrtha, na mBallstát, go háirithe trína n-údaráis inniúla, agus an Choimisiúin, laistigh dá gcuid réimsí gníomhaíochta agus inniúlachta faoi seach.
Airteagal 3 2.
Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil. Comhoibreoidh na húdaráis inniúla le chéile agus an Rialachán seo á chur chun feidhme acu. Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt don údarás inniúil cúraimí sonracha a leagtar amach sa Rialachán seo a tharmligean chuig comhlachtaí eile. I gcás ina dtarmligeann na húdaráis inniúla an cúram aon cheann de na leibhéil éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 11(1) a fhógairt, ní dhéanfaidh siad é a tharmligean ach chuig údarás poiblí, chuig oibreoir córais tarchurtha nó chuig oibreoir córais dáileacháin. Déanfar cúraimí tarmligthe faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil agus déanfar iad a shonrú sa phlean um ghníomhaíocht choisctheach agus sa phlean éigeandála.
Airteagal 3 3.
Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún, gan mhoill, faoi ainm a údaráis inniúil agus faoi aon athruithe air, agus cuirfidh sé an méid sin in iúl don phobal freisin.
Airteagal 3 4.
Agus na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo á gcur chun feidhme aige, déanfaidh an t-údarás inniúil róil agus freagrachtaí na ngníomhaithe éagsúla lena mbaineann a bhunú ar shlí ina n-áiritheofar cur chuige 3 leibhéal, ar cur chuige é a mbeidh baint ag na gnóthais ábhartha gáis nádúrtha, gnóthais leictreachais i gcás inarb iomchuí, agus lucht tionscail, ar an gcéad dul síos, ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal réigiúnach, ar an dara dul síos, agus ag an Aontas, ar an tríú dul síos.
Airteagal 3 5.
Déanfaidh an Coimisiún gníomhaíocht na n-údarás inniúil a chomhordú ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais, de bhun an Rialacháin seo, inter alia, trí GCG nó, go háirithe, i gcás éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais de bhun Airteagal 12(1), tríd an ngrúpa bainistithe géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 12(4).
Airteagal 3 6.
I gcás éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais, rachaidh na hoibreoirí córais tarchurtha i gcomhar le chéile agus malartóidh siad faisnéis agus úsáid á baint acu as an gCóras ReCo don Ghás arna bhunú ag ENTSOG. Cuirfidh ENTSOG an Coimisiún agus údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann ar an eolas dá réir.
Airteagal 3 7.
I gcomhréir le hAirteagal 7(2), beidh príomhrioscaí trasnáisiúnta do shlándáil an tsoláthair gáis san Aontas le sainiú agus beidh grúpaí riosca le bunú ar an mbonn sin. Fónfaidh na grúpaí riosca sin mar an bonn le haghaidh comhar réigiúnach feabhsaithe chun slándáil an tsoláthair gáis a mhéadú agus féadfar, leis na grúpaí riosca sin, teacht ar chomhaontú maidir le bearta iomchuí, éifeachtacha trasteorann de chuid na mBallstát uile lena mbaineann laistigh de na grúpaí riosca nó lasmuigh de na grúpaí riosca feadh na gconairí soláthair éigeandála.

Leagtar amach in Iarscríbhinn I an liosta de na grúpaí riosca sin agus a gcomhdhéanamh. Ní chuirfidh comhdhéanamh na ngrúpaí riosca sin cosc ar fhoirm ar bith eile de chomhar réigiúnach a théann chun tairbhe shlándáil an tsoláthair.

Airteagal 3 8.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 seo d'fhonn comhdhéanamh na ngrúpaí riosca a leagtar amach in Iarscríbhinn I tríd an Iarscríbhinn sin a leasú, chun go léireofaí teacht chun cinn na bpríomhrioscaí trasnáisiúnta do shlándáil an tsoláthair gáis san Aontas agus a thionchar ar na Ballstáit, agus toradh ionsamhlúcháin uile-Aontais de chásanna eiseamláireacha suaite soláthair gáis agus bonneagair á gcur san áireamh arna ndéanamh ag an ENTSOG i gcomhréir le hAirteagal 7(1). Sula dtosófar ar an nuashonrú, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le GCG san fhoirm dá bhforáiltear in Airteagal 4(4) maidir leis an dréacht-nuashonrú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1938
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.