|
+Airteagal 6 1. |
Airteagal 6 1.Ceanglóidh an t-údarás inniúil ar na gnóthais gáis nádúrtha a shainaithneoidh sé bearta a dhéanamh chun an soláthar gáis a áirithiú do chustaiméirí atá faoi chosaint an Bhallstáit i ngach ceann de na cásanna seo a leanas:
(a)
teochtaí foircneacha ar feadh buaicthréimhse 7 lá a bhíonn ann uair sa 20 bliain de réir dochúlacht staitistiúil;
(b)
aon tréimhse 30 lá ina bhfuil éileamh ard urghnách ar ghás agus a bhíonn ann uair sa 20 bliain de réir dochúlacht staitistiúil;
(c)
ar feadh tréimhse 30 lá i gcás suaitheadh sa bhonneagar gáis is mó faoi ghnáthdhálaí geimhridh. Faoin 2 Feabhra 2018, tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoina shainmhíniú ar chustaiméirí atá faoi chosaint, toirteanna bliantúla tomhaltais gáis na gcustaiméirí atá faoi chosaint agus an céatadán den tomhaltas gáis bliantúil deiridh iomlán atá i gceist leis na toirteanna tomhaltais sin sa Bhallstát sin. I gcás ina gcuimsíonn Ballstát na catagóirí dá dtagraítear i bpointe 5(a) nó (b) d'Airteagal 2 ina shainmhíniú ar chustaiméirí atá faoi chosaint, déanfaidh sé na toirteanna tomhaltais gáis a chomhfhreagraíonn do chustaiméirí atá sna catagóirí sin a shonrú maille leis an gcéatadán den tomhaltas gáis bliantúil deiridh iomlán a ghabhann le gach ceann de na grúpaí custaiméirí sin. Déanfaidh an t-údarás inniúil na gnóthais gáis nádúrtha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a shainaithint agus iad a shonrú sa phlean um ghníomhaíocht choisctheach. Aon bhearta nua nach bhfuil margadhbhunaithe a bheidh beartaithe chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an caighdeán soláthair gáis an nós imeachta arna bhunú in Airteagal 9(4) go (9). Féadfaidh na Ballstáit an oibleagáid a leagtar síos sa chéad mhír a chomhlíonadh trí bhearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme nó trí fhoinse eile fuinnimh, inter alia foinsí fuinnimh in-athnuaite, a chur in ionad an gháis a mhéid a bhainfear amach an leibhéal céanna cosanta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|