+Airteagal 6 An caighdeán soláthair gáis
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.
---+Airteagal 6 5.
---+Airteagal 6 6.
|
Airteagal 6 An caighdeán soláthair gáis
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1.
|
Ceanglóidh an t-údarás inniúil ar na gnóthais gáis nádúrtha a shainaithneoidh sé bearta a dhéanamh chun an soláthar gáis a áirithiú do chustaiméirí atá faoi chosaint an Bhallstáit i ngach ceann de na cásanna seo a leanas:
(a)
teochtaí foircneacha ar feadh buaicthréimhse 7 lá a bhíonn ann uair sa 20 bliain de réir dochúlacht staitistiúil;
(b)
aon tréimhse 30 lá ina bhfuil éileamh ard urghnách ar ghás agus a bhíonn ann uair sa 20 bliain de réir dochúlacht staitistiúil;
(c)
ar feadh tréimhse 30 lá i gcás suaitheadh sa bhonneagar gáis is mó faoi ghnáthdhálaí geimhridh.
Faoin 2 Feabhra 2018, tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoina shainmhíniú ar chustaiméirí atá faoi chosaint, toirteanna bliantúla tomhaltais gáis na gcustaiméirí atá faoi chosaint agus an céatadán den tomhaltas gáis bliantúil deiridh iomlán atá i gceist leis na toirteanna tomhaltais sin sa Bhallstát sin. I gcás ina gcuimsíonn Ballstát na catagóirí dá dtagraítear i bpointe 5(a) nó (b) d'Airteagal 2 ina shainmhíniú ar chustaiméirí atá faoi chosaint, déanfaidh sé na toirteanna tomhaltais gáis a chomhfhreagraíonn do chustaiméirí atá sna catagóirí sin a shonrú maille leis an gcéatadán den tomhaltas gáis bliantúil deiridh iomlán a ghabhann le gach ceann de na grúpaí custaiméirí sin. Déanfaidh an t-údarás inniúil na gnóthais gáis nádúrtha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a shainaithint agus iad a shonrú sa phlean um ghníomhaíocht choisctheach. Aon bhearta nua nach bhfuil margadhbhunaithe a bheidh beartaithe chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an caighdeán soláthair gáis an nós imeachta arna bhunú in Airteagal 9(4) go (9). Féadfaidh na Ballstáit an oibleagáid a leagtar síos sa chéad mhír a chomhlíonadh trí bhearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme nó trí fhoinse eile fuinnimh, inter alia foinsí fuinnimh in-athnuaite, a chur in ionad an gháis a mhéid a bhainfear amach an leibhéal céanna cosanta.
|
|
Airteagal 6 2.
|
Maidir le haon mhéadú ar an gcaighdeán soláthair gáis a leanfaidh ar feadh tréimhse níos faide ná an tréimhse 30 lá dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 1 nó maidir le haon oibleagáid bhreise a fhorchuirfear ar chúiseanna a bhaineann le slándáil an tsoláthair gáis, beidh siad bunaithe ar an measúnú riosca, déanfar iad a léiriú sa phlean um ghníomhaíocht choisctheach agus:
(a)
comhlíonfaidh siad Airteagal 8(1);
(b)
ní bheidh tionchar diúltach acu ar chumas aon Bhallstáit eile gás a sholáthar dá chuid custaiméirí atá faoi chosaint i gcomhréir leis an Airteagal seo i gcás éigeandáil náisiúnta, éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais; agus
(c)
comhlíonfaidh siad Airteagal 12(5) i gcás éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais.
Féadfaidh an Coimisiún údar a iarraidh lena léirítear go gcomhlíonann aon bheart dá dtagraítear sa chéad fhomhír na coinníollacha a leagtar síos inti. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit a thugann an beart isteach údar den sórt sin a chur ar fáil don phobal. Ina theannta sin, aon bheart nach bhfuil margadhbhunaithe de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo, a ghlacfar an 1 Samhain 2017 nó ina dhiaidh sin, comhlíonfaidh sé an nós imeachta a bhunaítear in Airteagal 9(4) go (9).
|
|
Airteagal 6 3.
|
Tar éis dhul in éag na dtréimhsí arna leagan síos ag an údarás inniúil i gcomhréir le mír1 agus le mír 2, nó faoi dhálaí níos déine ná iad siúd a leagtar síos i mír 1, féachfaidh an t-údarás inniúil agus na gnóthais gáis nádúrtha leis an soláthar gáis a choimeád ar bun a mhéid is féidir, go háirithe do chustaiméirí atá faoi chosaint.
|
|
Airteagal 6 4.
|
Maidir leis na hoibleagáidí a fhorchuirfear ar na gnóthais gáis nádúrtha chun na caighdeáin soláthair a leagtar síos san Airteagal seo a chomhlíonadh, ní bheidh siad idirdhealaitheach agus ní chuirfidh siad ualach míchuí ar na gnóthais sin.
|
|
Airteagal 6 5.
|
Ceadófar do na gnóthais gáis nádúrtha a gcuid oibleagáidí atá bunaithe ar an Airteagal seo a chomhlíonadh ar leibhéal réigiúnach nó ar leibhéal an Aontais i gcás inarb iomchuí. Ní éileoidh na húdaráis inniúla go mbeidh na caighdeáin soláthair gáis a leagtar síos san Airteagal seo le comhall bunaithe ar bhonneagar a bheidh lonnaithe laistigh dá gcríoch amháin.
|
|
Airteagal 6 6.
|
Áiritheoidh na húdaráis inniúla go mbunófar coinníollacha a bhainfidh le soláthairtí do chustaiméirí atá faoi chosaint gan dochar do dhea-fheidhmiú an mhargaidh fuinnimh inmheánaigh agus ar phraghas a urramóidh margadhluach na soláthairtí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1938
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|