+Airteagal 6b Na spriocanna líonta a chur chun feidhme
---+Airteagal 6b 1.
---+Airteagal 6b 2.
---+Airteagal 6b 3.
---+Airteagal 6b 4.
|
Airteagal 6b Na spriocanna líonta a chur chun feidhme
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6b 1.
|
Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá, lena n-áirítear foráil a dhéanamh do dhreasachtaí airgeadais nó cúiteamh do rannpháirtithe sa mhargadh, chun na spriocanna líonta de bhun Airteagal 6a a chomhlíonadh. Agus comhlíonadh na spriocanna líonta á áirithiú acu, tabharfaidh na Ballstáit tús áite, i gcás inar féidir, do bhearta margadhbhunaithe. Sa mhéid go dtagann aon bheart dá bhforáiltear san Airteagal seo faoi dhualgais agus faoi chumhachtaí an údaráis rialála náisiúnta de bhun Airteagal 41 de Threoir 2009/73/CE, is iad na húdaráis rialála náisiúnta a bheidh freagrach as na bearta sin a dhéanamh. Féadfaidh aon bhearta arna ghlacadh de bhun na míre seo an méid a leanas, go háirithe, a áireamh:
(a)
ceangal a chur ar sholáthraithe gáis toirteanna íosta gáis a stóráil i saoráidí stórála, lena n-áirítear i saoráidí stórála gáis faoi thalamh agus/nó i saoráidí stórála GNL, na toirteanna sin a chinneadh ar bhonn líon an gháis arna sholáthar ag soláthróirí gáis do chustaiméirí atá faoi chosaint;
(b)
ceangal a chur ar oibreoirí córais stórála a n-acmhainn a thairiscint do rannpháirtithe sa mhargadh;
(c)
ceangal a chur ar oibreoirí córais tarchurtha nó ar eintitis arna n-ainmniú ag an mBallstát stoc comhardúcháin a cheannach agus a bhainistiú go heisiach chun a bhfeidhmeanna mar oibreoirí córais tarchurtha a chomhlíonadh agus, i gcás inar gá, lena bhforchuirtear oibleagáid ar eintitis ainmnithe eile chun slándáil an tsoláthair gáis i gcás éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (c), a choimirciú;
(d)
ionstraimí comhordaithe a úsáid, amhail ardáin chun GNL a cheannach, in éineacht le Ballstáit eile chun úsáid GNL a uasmhéadú agus chun bacainní bonneagair agus rialála ar úsáid chomhroinnte GNL a laghdú chun saoráidí stórála gáis faoi thalamh a líonadh;
(e)
sásraí deonacha do sholáthar comhpháirteach gás nádúrtha a úsáid, maidir lena gcur chun feidhme, féadfaidh an Coimisiún, más gá, treoir a eisiúint ina leith faoin 1 Lúnasa 2022.
(f)
dreasachtaí airgeadais a sholáthar do rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear oibreoirí córais stórála, amhail conarthaí difríochta, nó cúiteamh a sholáthar do rannpháirtithe sa mhargadh as gannchion in ioncaim nó as costais arna dtabhú acu mar thoradh ar oibleagáidí ar rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear oibreoirí córais stórála nach féidir a sheasamh le hioncam;
(g)
ceangal a chur ar shealbhóirí acmhainne stórála acmhainní atá curtha in áirithe acu a úsáid nó na hacmhainní sin atá gan úsáid a scaoileadh uathu, agus lena gcuirtear d’oibleagáid ar shealbhóir na hacmhainne stórála nach n-úsáideann an acmhainn stórála an praghas a comhaontaíodh a íoc ar feadh théarma iomlán an chonartha stórála;
(h)
ionstraimí éifeachtacha a ghlacadh chun stóráil straitéiseach a cheannach agus a bhainistiú ag eintitis phoiblí nó phríobháideacha, ar choinníoll nach ndéanann ionstraimí den sórt sin an iomaíocht nó dea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh a shaobhadh;
(i)
eintiteas tiomnaithe a cheapadh dá sannfar an tasc an sprioc líonta a chomhlíonadh i gcás nach gcomhlíonfar an sprioc líonta murach sin;
(j)
lascainí ar na taraifí stórála a sholáthar;
(k)
na hioncaim is gá a bhailiú chun na caiteachais chaipitil agus oibríochtúla a bhaineann le saoráidí stórála rialáilte a aisghabháil mar tharaifí stórála agus mar mhuirear tiomnaithe a ionchorpraítear i dtaraifí tarchurtha, nach mbailítear ach amháin ó phointí scoir chuig custaiméirí deiridh atá lonnaithe sna Ballstáit, ar choinníoll nach bhfuil na hioncaim a bhailítear trí tharaifí níos mó ná na hioncaim cheadaithe.
|
|
Airteagal 6b 2.
|
Beidh na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit de bhun mhír 1 den Airteagal seo teoranta don mhéid is gá chun na conairí líonta agus, i gcás inarb ábhartha, na spriocanna líonta a bhaint amach. Saineofar na bearta uile arna nglacadh de bhun Airteagail 6a(8) agus (10) go soiléir agus beidh siad trédhearcach, comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus infhíoraithe. Ní dhéanfaidh siad saobhadh míchuí ar iomaíocht ná ar dhea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh sa ghás agus ní chuirfidh siad slándáil sholáthar gáis na mBallstát eile ná an Aontais i mbaol. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus GCG ar an eolas maidir leis na bearta sin gan mhoill.
|
|
Airteagal 6b 3.
|
Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun a áirithiú go mbainfear úsáid ar bhealach éifeachtúil as an mbonneagar atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, ar mhaithe le slándáil an tsoláthair gáis. Maidir leis na hacmhainní tarchurtha trasteorann a leithdháiltear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/459 ón gCoimisiún (
3
), ní chuirfear cosc ná srian ar úsáid trasteorann saoráidí stórála ná saoráidí GNL thar theorainneacha leis na bearta sin in imthosca ar bith.
|
|
Airteagal 6b 4.
|
Agus bearta á nglacadh acu de bhun an Airteagail seo, cuirfidh na Ballstáit céadphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh i bhfeidhm, agus cuspóirí a mbeart faoi seach á mbaint amach acu i gcónaí, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
4
).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1938
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|