|
+Airteagal 6c 5. |
Airteagal 6c 5.D’ainneoin mhír 1, i gcás ina bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh ag Ballstáit lonnaithe ar a chríoch féin agus ina bhfuil acmhainn chomhiomlán na saoráidí sin níos mó ná tomhaltas gáis bliantúil an Bhallstáit sin, deanfaidh na Ballstáit nach bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu agus a bhfuil rochtain acu ar na saoráidí sin ceann amháin den mhéid seo a leanas:
(a)
áiritheoidh siad, tráth ar bith idir an 1 Deireadh Fómhair agus an 1 Nollaig, go gcomhfhreagraíonn toirteanna stórála, ar a laghad, do mheánúsáid na hacmhainne stórála sna 5 bliana roimhe sin, arna cinneadh, inter alia, tríd na sreafaí le linn an tséasúir aistarraingthe thar na 5 bliana roimhe sin ó na Ballstáit ina bhfuil na saoráidí stórála lonnaithe; nó
(b)
léireoidh siad gur cuireadh in áirithe an acmhainn stórála atá coibhéiseach leis an toirt a chumhdaítear leis an oibleagáid faoi phointe (a). Más féidir leis an mBallstát nach bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu a léiriú gur cuireadh acmhainn stórála atá coibhéiseach leis an toirt a chumhdaítear leis an oibleagáid faoi phointe (a) den chéad fhomhír in áirithe, beidh feidhm ag mír 1. Beidh teorainn 15 % den mheántomhaltas bliantúil gáis thar an 5 bliana roimhe sin sa Bhallstát lena mbaineann leis an oibleagáid faoin mír seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|