+Airteagal 6c Socruithe stórála agus sásra comhroinnte ualaigh
---+Airteagal 6c 1.
---+Airteagal 6c 2.
---+Airteagal 6c 3.
---+Airteagal 6c 4.
---+Airteagal 6c 5.
|
Airteagal 6c Socruithe stórála agus sásra comhroinnte ualaigh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6c 1.
|
Áiritheoidh Ballstát nach bhfuil aon saoráidí stórála gáis faoi thalamh aige go mbeidh socruithe i bhfeidhm ag rannpháirtithe sa mhargadh laistigh den Bhallstát sin le hoibreoirí córais stórála faoi thalamh nó le rannpháirtithe eile sa mhargadh i mBallstáit a bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu. Forálfar leis na socruithe sin, faoin 1 Nollaig, d’úsáid na dtoirteanna stórála a chomhfhreagraíonn do 15 % ar a laghad den mheántomhaltas bliantúil gáis thar na 5 bliana roimhe sin sa Bhallstát nach bhfuil socruithe stórála gáis faoi thalamh aige. Mar sin féin, i gcás ina gcuirtear, le hacmhainn tarchurtha trasteorann nó srianta teicniúla eile, cosc ar Bhallstát nach bhfuil aon saoráidí stórála gáis faoi thalamh aige úsáid iomlán a bhaint as 15 % de na toirteanna stórála sin, ní stórálfaidh an Ballstát sin ach na toirteanna sin atá indéanta go teicniúil. I gcás nach gceadaítear, leis na teorainneacha teicniúla, do Bhallstát an oibleagáid a leagtar síos sa chéad fhomhír a chomhlíonadh agus go bhfuil oibleagáid i bhfeidhm ag an mBallstát sin breoslaí eile a stóráil in ionad gáis, féadfar an oibleagáid a leagtar síos sa chéad fhomhír a chomhlíonadh go heisceachtúil le hoibleagáid choibhéiseach breoslaí eile seachas gás a stóráil. Léireoidh an Ballstát lena mbaineann teorainneacha teicniúla agus coibhéis an bhirt.
|
|
Airteagal 6c 2.
|
De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh Ballstát nach bhfuil aon saoráidí stórála faoi thalamh aige sásra comhroinnte ualaigh a fhorbairt i gcomhpháirt le Ballstát amháin nó níos mó ag a bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh (sásra comhroinnte ualaigh). Bunófar an sásra comhroinnte ualaigh ar shonraí ábhartha an mheasúnaithe riosca is déanaí de bhun Airteagal 7 agus cuirfear san áireamh leis na paraiméadair uile seo a leanas:
(a)
costas na tacaíochta airgeadais chun an sprioc líonta a bhaint amach, gan na costais a bhaineann le haon oibleagáidí stórála straitéiseacha a chomhlíonadh;
(b)
na toirteanna gáis is gá chun freastal ar éileamh na gcustaiméirí atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 6(1);
(c)
aon teorainneacha teicniúla, lena n-áirítear an acmhainn stórála faoi thalamh atá ar fáil, an acmhainn tarchurtha theicniúil trasteorann agus rátaí aistarraingthe.
Léireoidh na Ballstáit nach bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu go gcomhlíonfaidh siad mír 1 agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún dá réir.
|
|
Airteagal 6c 3.
|
Mar bheart idirthréimhseach, i gcás na mBallstát sin nach bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu, ach a bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh a áirítear sa liosta de thionscadal leasa choitinn deireanach dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
5
), féadfaidh siad mír 1 a chomhlíonadh i bpáirt trí stoic GNL sna haonaid snámha stórála atá ann cheana a chomhaireamh, go dtí go mbeidh a saoráidí stórála gáis faoi thalamh i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 6c 4.
|
Féadfaidh na Ballstáit nach bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu dreasachtaí nó cúiteamh airgeadais a sholáthar do rannpháirtithe sa mhargadh nó d’oibreoirí córais tarchurtha, de réir mar is ábhartha, as gannchion in ioncaim, nó as costais arna dtabhú acu, mar thoradh ar chomhlíonadh a n-oibleagáidí stórála de bhun an Airteagail seo, i gcás nach féidir gannchion nó costais den sórt sin a chumhdach le hioncam, chun a áirithiú go gcomhlíontar a n-oibleagáid gás a stóráil i mBallstáit eile de bhun mhír 1 nó go gcuirtear an sásra comhroinnte ualaigh chun feidhme. Más rud é go ndéantar an dreasacht nó an cúiteamh airgeadais a mhaoiniú trí bhíthin tobhaigh, ní bheidh feidhm ag an tobhach sin maidir le pointí idirnaisc trasteorann.
|
|
Airteagal 6c 5.
|
D’ainneoin mhír 1, i gcás ina bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh ag Ballstáit lonnaithe ar a chríoch féin agus ina bhfuil acmhainn chomhiomlán na saoráidí sin níos mó ná tomhaltas gáis bliantúil an Bhallstáit sin, deanfaidh na Ballstáit nach bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu agus a bhfuil rochtain acu ar na saoráidí sin ceann amháin den mhéid seo a leanas:
▼M4
(a)
áiritheoidh siad, tráth ar bith idir an 1 Deireadh Fómhair agus an 1 Nollaig, go gcomhfhreagraíonn toirteanna stórála, ar a laghad, do mheánúsáid na hacmhainne stórála sna 5 bliana roimhe sin, arna cinneadh, inter alia, tríd na sreafaí le linn an tséasúir aistarraingthe thar na 5 bliana roimhe sin ó na Ballstáit ina bhfuil na saoráidí stórála lonnaithe; nó
▼M2
(b)
léireoidh siad gur cuireadh in áirithe an acmhainn stórála atá coibhéiseach leis an toirt a chumhdaítear leis an oibleagáid faoi phointe (a).
Más féidir leis an mBallstát nach bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu a léiriú gur cuireadh acmhainn stórála atá coibhéiseach leis an toirt a chumhdaítear leis an oibleagáid faoi phointe (a) den chéad fhomhír in áirithe, beidh feidhm ag mír 1. Beidh teorainn 15 % den mheántomhaltas bliantúil gáis thar an 5 bliana roimhe sin sa Bhallstát lena mbaineann leis an oibleagáid faoin mír seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1938
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|