+Airteagal 7 2.
|
Airteagal 7 2.
Na húdaráis inniúla laistigh de gach grúpa riosca a liostaítear in Iarscríbhinn I, déanfaidh siad measúnú comhchoiteann ar leibhéal an ghrúpa riosca (“measúnú riosca comhchoiteann”) ar na fachtóirí riosca ábhartha uile, amhail tubaistí nádúrtha agus rioscaí teicneolaíochta, tráchtala, sóisialta, polaitiúla nó eile a bhféadfadh an príomhriosca trasnáisiúnta do shlándáil an tsoláthair gáis ar ina leith a cruthaíodh an grúpa riosca teacht astu. Déanfaidh na húdaráis inniúla torthaí an ionsamhlúcháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur san áireamh chun na measúnuithe rioscaí, pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus pleananna éigeandála a ullmhú. Déanfaidh na húdaráis inniúla laistigh de gach grúpa riosca sásra comhair a chomhaontú chun an measúnú riosca comhchoiteann a dhéanamh agus déanfaidh siad é a thuairisciú do GCG 11 mhí roimh an spriocdháta le haghaidh fógra a thabhairt faoin measúnú riosca comhchoiteann agus faoi na nuashonruithe air. Arna iarraidh sin d'údarás inniúil, féadfaidh ról éascaitheora a bheith ag an gCoimisiún go ginearálta in ullmhúchán an mheasúnaithe riosca chomhchoitinn, go háirithe i dtaobh an sásra comhair a bhunú. Mura dtiocfaidh údaráis inniúla laistigh de ghrúpa riosca ar chomhaontú maidir le sásra comhair, molfaidh an Coimisiún sásra comhair don ghrúpa riosca sin, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla lena mbaineann. Tiocfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann ar chomhaontú maidir le sásra comhair don ghrúpa riosca sin agus aird iomlán á tabhairt acu ar an togra ón gCoimisiún. Deich mí roimh an spriocdháta le haghaidh fógra a thabhairt faoin measúnú riosca comhchoiteann nó faoi nuashonruithe air, déanfaidh gach údarás inniúil na sonraí náisiúnta uile is gá chun an measúnú riosca comhchoiteann a ullmhú a roinnt agus iad a nuashonrú, faoi chuimsiú an tsásra comhair chomhaontaithe, go háirithe le haghaidh na cásanna eiseamláireacha éagsúla dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 4 a rith.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1938
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|