+Airteagal 7 Measúnú riosca
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.
---+Airteagal 7 5.
---+Airteagal 7 6.
---+Airteagal 7 7.

Airteagal 7 Measúnú riosca

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 7 1.
Faoin 1 Samhain 2026, déanfaidh ENTSOG ionsamhlúchán uile-Aontais de chásanna ina bhféadfaí suaitheadh soláthair gáis agus bonneagair a bheith ann, lena n-áirítear cásanna ina bhféadfaí foinsí aonair soláthair a shuaitheadh go faidréiseach. San ionsamhlúchán, déanfar na conairí soláthair gáis éigeandála a shainaithint agus a mheasúnú agus luafar na Ballstáit is féidir leo réiteach a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a sainaithníodh, lena n-áirítear i ndáil le stóráil gáis agus GNL, chomh maith le cásanna ina ndéantar scrúdú ar an tionchar a bheadh ag laghdú ar an éileamh ar ghás trí bhearta coigilte fuinnimh nó bearta éifeachtúlachta fuinnimh. Is é ENTSOG i gcomhar le GCG a dhéanfaidh na cásanna eiseamláireacha suaitheadh soláthair gáis agus bonneagair agus an mhodheolaíocht don ionsamhlúchán a shainmhíniú. Áiritheoidh ENTSOG leibhéal iomchuí trédhearcachta agus rochtana ar na toimhdí samhaltaithe a úsáidtear ina chásanna eiseamláireacha. Déanfar an t-ionsamhlúchán uile-Aontais de chásanna eiseamláireacha suaitheadh soláthair gáis agus bonneagair a athdhéanamh gach 4 bliana go dtí, de bharr na n-imthosca, gur gá é a dhéanamh ar bhonn níos minice.
Airteagal 7 2.
Na húdaráis inniúla laistigh de gach grúpa riosca a liostaítear in Iarscríbhinn I, déanfaidh siad measúnú comhchoiteann ar leibhéal an ghrúpa riosca (“measúnú riosca comhchoiteann”) ar na fachtóirí riosca ábhartha uile, amhail tubaistí nádúrtha agus rioscaí teicneolaíochta, tráchtala, sóisialta, polaitiúla nó eile a bhféadfadh an príomhriosca trasnáisiúnta do shlándáil an tsoláthair gáis ar ina leith a cruthaíodh an grúpa riosca teacht astu. Déanfaidh na húdaráis inniúla torthaí an ionsamhlúcháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur san áireamh chun na measúnuithe rioscaí, pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus pleananna éigeandála a ullmhú.

Déanfaidh na húdaráis inniúla laistigh de gach grúpa riosca sásra comhair a chomhaontú chun an measúnú riosca comhchoiteann a dhéanamh agus déanfaidh siad é a thuairisciú do GCG 11 mhí roimh an spriocdháta le haghaidh fógra a thabhairt faoin measúnú riosca comhchoiteann agus faoi na nuashonruithe air. Arna iarraidh sin d'údarás inniúil, féadfaidh ról éascaitheora a bheith ag an gCoimisiún go ginearálta in ullmhúchán an mheasúnaithe riosca chomhchoitinn, go háirithe i dtaobh an sásra comhair a bhunú. Mura dtiocfaidh údaráis inniúla laistigh de ghrúpa riosca ar chomhaontú maidir le sásra comhair, molfaidh an Coimisiún sásra comhair don ghrúpa riosca sin, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla lena mbaineann. Tiocfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann ar chomhaontú maidir le sásra comhair don ghrúpa riosca sin agus aird iomlán á tabhairt acu ar an togra ón gCoimisiún.

Deich mí roimh an spriocdháta le haghaidh fógra a thabhairt faoin measúnú riosca comhchoiteann nó faoi nuashonruithe air, déanfaidh gach údarás inniúil na sonraí náisiúnta uile is gá chun an measúnú riosca comhchoiteann a ullmhú a roinnt agus iad a nuashonrú, faoi chuimsiú an tsásra comhair chomhaontaithe, go háirithe le haghaidh na cásanna eiseamláireacha éagsúla dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 4 a rith.

Airteagal 7 3.
Déanfaidh údarás inniúil gach Ballstáit measúnú riosca náisiúnta (“measúnú riosca náisiúnta”) ar na rioscaí ábhartha uile a dhéanann difear do shlándáil an tsoláthair gáis. Beidh measúnú den sórt sin ag teacht go hiomlán le toimhdí agus le torthaí an mheasúnaithe riosca chomhchoitinn/na measúnuithe riosca comhchoiteanna.
Airteagal 7 4.

Déanfar na measúnuithe riosca dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo, de réir mar is ábhartha, tríd an méid seo a leanas:

(a) 

na caighdeáin a shonraítear in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 a úsáid. Tabharfar tuairisc sa mheasúnú riosca ar ríomh fhoirmle N – 1 ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé ríomh fhoirmle N – 1 ar leibhéal réigiúnach san áireamh freisin. Cuirfidh an measúnú riosca na toimhdí a úsáidfear san áireamh freisin, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, na toimhdí a úsáidfear chun foirmle N – 1 a ríomh ar leibhéal réigiúnach, mar aon leis na sonraí is gá le haghaidh ríomh den sórt sin. Beidh ag gabháil le ríomh fhoirmle N – 1 ar an leibhéal náisiúnta ionsamhlúchán ina léireofar an dóigh a gcuirfeadh suaitheadh isteach ar an mbonneagar gáis is mó trí shamhaltú hiodrálach a úsáid don chríoch náisiúnta agus freisin trí fhoirmle N – 1 a ríomh agusr leibhéal an gháis atá á stóráil, ar leibhéal 30 % agus 100 % den toirt uasta oibre á bhreithniú;

(b) 

na himthosca ábhartha náisiúnta agus trasnáisiúnta ar fad a chur san áireamh, go háirithe méid an mhargaidh, cumraíocht an ghréasáin, na sreafaí iarbhír, lena n-áirítear an t-eis-sreabhadh ó na Ballstáit lena mbaineann, an fhéidearthacht go mbeidh sreafaí fisiceacha gáis sa dá threo ann, lena n-áirítear an gá a d'fhéadfadh a bheith ann an córas tarchurtha a athneartú dá bharr, acmhainní táirgthe agus stórála a bheith ann agus ról an gháis i measc na bhfoinsí éagsúla fuinnimh, go háirithe i ndáil le téamh ceantair agus giniúint leictreachais agus ar mhaithe le hoibriú na dtionscal, agus gnéithe a bhaineann le sábháilteacht agus le cáilíocht an gháis;

(c) 

cásanna eiseamláireacha éagsúla a rith i leith éileamh urghnách ar ghás agus suaitheadh an tsoláthair gáis, lena gcuirfear san áireamh stair, dóchúlacht, séasúr, minicíocht agus fad na gcásanna sin, agus measúnú a dhéanamh ar na hiarmhairtí is dóigh a bheidh acu, amhail:

(i) 

suaitheadh an bhonneagair is ábhartha i dtaca le slándáil an tsoláthair gáis, go háirithe an bonneagar tarchurtha, stórtha nó críochfoirt GNL, lena n-áirítear an bonneagar gáis is mó arna shainaithint chun foirmle N – 1 a ríomh; agus

(ii) 

suaitheadh soláthairtí ó sholáthróirí tríú tíortha, chomh maith le rioscaí geopholaitiúla, i gcás inarb iomchuí;

(d) 

idirghníomhú agus comhghaolú na rioscaí i measc na mBallstát sa ghrúpa riosca agus le Ballstáit eile nó grúpaí riosca eile a shainaithint, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear, a mhéid a bhaineann le hidirnaisc, soláthairtí trasteorann, rochtain trasteorann ar shaoráidí stórála agus acmhainn dhéthreoch;

▼M3

(e) 

rioscaí a chur i gcuntas a bhaineann le rialú ar bhonneagar atá ábhartha do shlándáil an tsoláthair gáis a mhéid a bhféadfadh, inter alia, rioscaí tearcinfheistíochta, lagú an éagsúlaithe, mí-úsáid an bhonneagair atá ann faoi láthair, lena n-áirítear cnapaireacht acmhainne stórála, nó sárú ar dhlí an Aontais a bheith i gceist leo;

▼B

(f) 

uasacmhainn idirnaisc gach pointe iontrála agus fágála trasteorann agus leibhéil éagsúla líonta na stórála a chur san áireamh;

▼M2

(g) 

agus cásanna ina bhféadfaí foinsí aonair soláthair a shuaitheadh go fadtréimhseach á gcur san áireamh.

▼B

Airteagal 7 5.
Déanfar na measúnuithe riosca comhchoiteanna agus na measúnuithe riosca náisiúnta a ullmhú i gcomhréir leis an teimpléad ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV nó in Iarscríbhinn V. Más gá, féadfaidh na Ballstáit faisnéis bhreise a áireamh. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 chun na teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn IV agus in Iarscríbhinn V a leasú, tar éis dó dul i gcomhairle le GCG, d'fhonn an taithí a fuarthas agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm a léiriú, agus d'fhonn an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit a laghdú.
Airteagal 7 6.
Na gnóthais gáis nádúrtha, na custaiméirí gáis tionsclaíoch, na heagraíochtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht ar chustaiméirí teaghlaigh gáis agus ar chustaiméirí gáis tionsclaíoch, chomh maith leis na Ballstáit agus, i gcás nach iad na húdaráis inniúla iad, na húdaráis rialála náisiúnta, comhoibreoidh siad leis na húdaráis inniúla agus déanfaidh siad an fhaisnéis uile is gá do na measúnuithe riosca comhchoiteanna agus do na measúnuithe riosca náisiúnta a sholáthar dóibh arna iarraidh sin dóibh.
Airteagal 7 7.
Faoin 1 Deireadh Fómhair 2018, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin gcéad mheasúnú riosca comhchoiteann, tar éis do gach Ballstát sa ghrúpa riosca é a chomhaontú, agus faoi na measúnuithe riosca náisiúnta. Déanfar na measúnuithe riosca a nuashonrú gach 4 bliana uaidh sin ar aghaidh mura rud é, de bharr na n-imthosca, gur gá é a dhéanamh níos minice. Cuirfear san áireamh sna measúnuithe riosca an dul chun cinn atá déanta sna hinfheistíochtaí is gá chun déileáil leis an gcaighdeán bonneagair a shainítear in Airteagal 5 agus na deacrachtaí tír-shonracha a tháinig chun cinn agus réitigh mhalartacha nua á gcur chun feidhme. Déanfaidh siad forbairt freisin ar an taithí a fuarthas trí ionsamhlúchán na bpleananna éigeandála atá in Airteagal 10(3).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1938
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.