|
+Airteagal 8 2. |
Airteagal 8 2.Déanfaidh údarás inniúil gach Ballstáit, tar éis dó dul i gcomhairle leis na gnóthais gáis nádúrtha, leis na heagraíochtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht thar ceann leasanna custaiméirí teaghlaigh gáis agus custaiméirí gáis tionsclaíoch, lena n-áirítear táirgeoirí leictreachais, le hoibreoirí córais tarchurtha leictreachais, agus, i gcás nach é an t-údarás inniúil é, leis an údarás rialála náisiúnta, na nithe seo a leanas a bhunú:
(a)
plean um ghníomhaíocht choisctheach ina mbeidh na bearta is gá chun na rioscaí a shainaithneofar sna measúnuithe riosca comhchoiteanna agus sna measúnuithe riosca náisiúnta agus i gcomhréir le hAirteagal 9 a dhíothú nó a mhaolú, rioscaí ar a n-áirítear éifeachtaí na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh agus na mbeart atá dírithe ar an éileamh;
(b)
plean éigeandála ina mbeidh na bearta a bheidh le déanamh chun an tionchar a bheadh ag suaitheadh soláthair gáis a dhíothú nó a mhaolú i gcomhréir le hAirteagal 10. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|