+Airteagal 8 Pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus pleananna éigeandála a bhunú
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
---+Airteagal 8 5.
---+Airteagal 8 6.
---+Airteagal 8 7.
---+Airteagal 8 8.
---+Airteagal 8 9.
---+Airteagal 8 10.
---+Airteagal 8 11.
---+Airteagal 8 12.
|
Airteagal 8 Pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus pleananna éigeandála a bhunú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 2.
|
Déanfaidh údarás inniúil gach Ballstáit, tar éis dó dul i gcomhairle leis na gnóthais gáis nádúrtha, leis na heagraíochtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht thar ceann leasanna custaiméirí teaghlaigh gáis agus custaiméirí gáis tionsclaíoch, lena n-áirítear táirgeoirí leictreachais, le hoibreoirí córais tarchurtha leictreachais, agus, i gcás nach é an t-údarás inniúil é, leis an údarás rialála náisiúnta, na nithe seo a leanas a bhunú:
(a)
plean um ghníomhaíocht choisctheach ina mbeidh na bearta is gá chun na rioscaí a shainaithneofar sna measúnuithe riosca comhchoiteanna agus sna measúnuithe riosca náisiúnta agus i gcomhréir le hAirteagal 9 a dhíothú nó a mhaolú, rioscaí ar a n-áirítear éifeachtaí na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh agus na mbeart atá dírithe ar an éileamh;
(b)
plean éigeandála ina mbeidh na bearta a bheidh le déanamh chun an tionchar a bheadh ag suaitheadh soláthair gáis a dhíothú nó a mhaolú i gcomhréir le hAirteagal 10.
|
|
Airteagal 8 3.
|
Beidh sa phlean um ghníomhaíocht choisctheach agus sa phlean éigeandála freisin caibidil réigiúnach, nó roinnt caibidlí réigiúnacha, i gcás ina bhfuil Ballstát ina chomhalta de ghrúpaí riosca éagsúla mar a shainítear in Iarscríbhinn I iad. Déanfaidh gach Ballstát sa ghrúpa riosca na caibidlí réigiúnacha a fhorbairt go comhpháirteach sula gcuirfear isteach sna pleananna náisiúnta faoi seach iad. Gníomhóidh an Coimisiún mar éascaitheoir chun go mbeidh na caibidlí réigiúnacha, le chéile, in ann slándáil an tsoláthair gáis a fheabhsú san Aontas, agus nach n-eascróidh aon chontrárthacht astu, agus chun aon bhac ar an gcomhar a shárú. Beidh sna caibidlí réigiúnacha bearta iomchuí agus éifeachtacha trasteorann, lena n-áirítear i ndáil le stóráil gáis agus GNL, faoi réir comhaontú idir na Ballstáit sin a dhéanfaidh na bearta ón ngrúpa riosca céanna nó ó na grúpaí riosca céanna a ndéanann an beart difear dóibh a chur chun feidhme ar bhonn an ionsamhlúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(1) agus ar bhonn an mheasúnaithe riosca chomhchoitinn.
|
|
Airteagal 8 4.
|
Tuairisceoidh na húdaráis inniúla go tráthrialta do GCG faoin dul chun cinn a dhéanfar maidir leis na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus na pleananna éigeandála a ullmhú agus a ghlacadh, go háirithe na caibidlí réigiúnacha. Go háirithe, tiocfaidh na húdaráis inniúla ar chomhaontú maidir le sásra comhair chun an plean um ghníomhaíocht choisctheach agus an plean éigeandála a ullmhú, lena n-áirítear dréachtphleananna a mhalartú. Tuairisceoidh siad do GCG faoi shásra comhair comhaontaithe den sórt sin 16 mhí roimh an spriocdháta le haghaidh an chomhaontaithe maidir leis na pleananna sin agus na nuashonruithe ar na pleananna sin. Féadfaidh ról éascaitheora a bheith ag an gCoimisiún go ginearálta in ullmhú an phlean um ghníomhaíocht choisctheach agus an phlean éigeandála, go háirithe chun an sásra comhair a bhunú. Mura dtiocfaidh údaráis inniúla laistigh de ghrúpa riosca ar chomhaontú maidir le sásra comhair, molfaidh an Coimisiún sásra comhair don ghrúpa riosca sin. Tiocfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann ar chomhaontú maidir leis an sásra comhair don ghrúpa riosca sin agus aird á tabhairt acu ar an togra ón gCoimisiún. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfar faireachán tráthrialta ar chur chun feidhme an phlean um ghníomhaíocht choisctheach agus an phlean éigeandála.
|
|
Airteagal 8 5.
|
Déanfar an plean um ghníomhaíocht choisctheach agus an plean éigeandála a fhorbairt i gcomhréir leis na teimpléid atá in Iarscríbhinn VI agus in Iarscríbhinn VII. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 chun na teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn VI agus in Iarscríbhinn VII a leasú, tar éis dó dul i gcomhairle le GCG, d'fhonn an taithí a fuarthas agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm a léiriú, agus d'fhonn an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit a laghdú.
|
|
Airteagal 8 6.
|
Rachaidh na húdaráis inniúla de chuid Ballstát comharsanachta i gcomhairle le chéile, in am trátha, d'fhonn comhsheasmhacht a áirithiú idir a bpleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus a bpleananna éigeandála laistigh de gach grúpa riosca lena mbaineann. Cúig mhí ar a dhéanaí roimh an spriocdháta chun na dréachtphleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus na dréachtphleananna éigeandála a thíolacadh, malartóidh údaráis inniúla gach grúpa riosca na dréachtphleananna sin ina mbeidh tograí le haghaidh comhair. Comhaontóidh na Ballstáit uile sa ghrúpa riosca na leaganacha críochnaitheacha de na caibidlí réigiúnacha dá dtagraítear i mír 3. Beidh sna pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus sna pleananna éigeandála freisin na bearta náisiúnta is gá chun na bearta trasteorann a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú sna caibidlí réigiúnacha.
|
|
Airteagal 8 7.
|
Déanfar na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus na pleananna éigeandála a chur ar fáil don phobal agus tabharfar fógra don Choimisiún ina leith faoin 1 Márta 2019. Cuirfidh an Coimisiún GCG ar an eolas go bhfuil fógra tugtha i leith na bpleananna agus foilseofar iad ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin. Laistigh de cheithre mhí ón am a dtabharfaidh na húdaráis inniúla an fógra, déanfaidh an Coimisiún na pleananna a mheasúnú, agus aird á tabhairt aige ar na tuairimí arna gcur in iúl sa GCG.
|
|
Airteagal 8 8.
|
Tabharfaidh an Coimisiún tuairim uaidh don údarás inniúil ina mbeidh moladh plean um ghníomhaíocht choisctheach nó plean éigeandála a athbhreithniú má tá feidhm ag ceann amháin nó níos mó den mhéid seo a leanas:
(a)
níl sé éifeachtach i dtaca leis na rioscaí arna sainaithint sa mheasúnú riosca a mhaolú;
(b)
níl sé i gcomhréir leis na cásanna eiseamláireacha riosca a measúnaíodh nó le pleananna de chuid Ballstáit eile nó de chuid grúpa riosca;
(c)
ní chomhlíonann sé an ceanglas a leagtar síos i mír 1 gan saobhadh míchuí a dheanamh ar iomaíocht ná ar fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh;
(d)
ní chomhlíonann sé forálacha an Rialacháin seo nó forálacha eile dhlí an Aontais.
|
|
Airteagal 8 9.
|
Laistigh de 3 mhí tar éis fógra a fháil faoin tuairim ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 8, déanfaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann fógra a thabhairt don Choimisiún faoin bplean leasaithe um ghníomhaíocht choisctheach nó faoin bplean éigeandála leasaithe, nó cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi na fáthanna nach n-aontaíonn sé leis na moltaí. I gcás easaontas a bhaineann le gnéithe dá dtagraítear i mír 8, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de cheithre mhí tar éis don údarás inniúil freagra a thabhairt, a iarraidh a tharraingt siar nó féadfaidh sé an t-údarás inniúil agus, i gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil gá leis, GCG, a thionól, d'fhonn an tsaincheist a bhreithniú. Leagfaidh an Coimisiún amach na fáthanna mionsonraithe atá aige maidir le haon leasú a iarraidh ar an bplean um ghníomhaíocht choisctheach nó ar an bplean éigeandála. Tabharfaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann aird iomlán ar fháthanna mionsonraithe an Choimisiúin. I gcás inarb infheidhme, déanfaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann, gan mhoill, an plean leasaithe um ghníomhaíocht choisctheach nó an plean éigeandála leasaithe a leasú agus a chur ar fáil don phobal. I gcás ina gclaonfaidh seasamh críochnaitheach an údaráis inniúil lena mbaineann ó fháthanna mionsonraithe an Choimisiúin, déanfaidh an t-údarás inniúil sin an t-údar is bunús lena sheasamh a sholáthar agus a chur ar fáil don phobal, mar aon lena sheasamh agus le fáthanna mionsonraithe an Choimisiúin, laistigh de 2 mhí tar éis fáthanna mionsonraithe an Choimisiúin a fháil.
|
|
Airteagal 8 10.
|
I gcás bearta nach bhfuil margadhbhunaithe agus a ghlacfar an 1 Samhain 2017 nó ina dhiaidh sin, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 9(4), (6), (8) agus (9).
|
|
Airteagal 8 11.
|
Caomhnófar rúndacht aon fhaisnéise íogaire tráchtála.
|
|
Airteagal 8 12.
|
Leanfaidh pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus pleananna éigeandála a forbraíodh faoi Rialachán (AE) Uimh. 994/2010, arna nuashonrú i gcomhréir leis an Rialachán sin, d'fheidhm a bheith acu go dtí go mbunófar na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus na pleananna éigeandála dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo den chéad uair.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1938
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|