|
+Airteagal 11 1. |
Airteagal 11 1.Seo a leanas na 3 leibhéal géarchéime a bheidh ann:
(a)
leibhéal luathrabhaidh (“luathrabhadh”): i gcás ina mbeidh faisnéis nithiúil, dháiríre agus iontaofa ann go bhféadfadh teagmhas tarlú ar dóigh dó a bheith ina chúis le meath suntasach ar staid an tsoláthair gáis agus ar dóigh gurb é a leanfadh as an leibhéal foláirimh nó an leibhéal éigeandála a ghníomhachtú; féadfar an leibhéal luathrabhaidh a ghníomhachtú le sásra luathrabhaidh;
(b)
leibhéal foláirimh (“foláireamh”): i gcás ina mbeidh suaitheadh sa soláthar gáis nó éileamh ard urghnách ar ghás ann, a bheidh ina chúis le meath suntasach ar staid an tsoláthair gáis, ach an margadh a bheith fós in ann an suaitheadh sin nó an t-éileamh sin a bhainistiú gan gá dul i muinín beart nach bhfuil margadhbhunaithe;
(c)
leibhéal éigeandála (“éigeandáil”): i gcás éileamh ard urghnách ar ghás, nó suaitheadh suntasach sa soláthar gáis nó meath suntasach eile i staid an tsoláthair gáis agus i gcás ina mbeifear tar éis na bearta margadhbhunaithe uile a chur chun feidhme ach nach leordhóthanach an soláthar gáis chun freastal ar an éileamh gáis a bheidh fágtha sa chaoi nach mór bearta breise nach bhfuil margadhbhunaithe a thabhairt isteach, go háirithe d'fhonn soláthairtí gáis do chustaiméirí atá faoi chosaint a choimirciú i gcomhréir le Airteagal 6. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|