+Airteagal 11 Géarchéim a fhógairt
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
---+Airteagal 11 5.
---+Airteagal 11 6.
---+Airteagal 11 7.
---+Airteagal 11 7a.
---+Airteagal 11 8.
---+Airteagal 11 9.

Airteagal 11 Géarchéim a fhógairt

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 11 1.

Seo a leanas na 3 leibhéal géarchéime a bheidh ann:

(a) 

leibhéal luathrabhaidh (“luathrabhadh”): i gcás ina mbeidh faisnéis nithiúil, dháiríre agus iontaofa ann go bhféadfadh teagmhas tarlú ar dóigh dó a bheith ina chúis le meath suntasach ar staid an tsoláthair gáis agus ar dóigh gurb é a leanfadh as an leibhéal foláirimh nó an leibhéal éigeandála a ghníomhachtú; féadfar an leibhéal luathrabhaidh a ghníomhachtú le sásra luathrabhaidh;

(b) 

leibhéal foláirimh (“foláireamh”): i gcás ina mbeidh suaitheadh sa soláthar gáis nó éileamh ard urghnách ar ghás ann, a bheidh ina chúis le meath suntasach ar staid an tsoláthair gáis, ach an margadh a bheith fós in ann an suaitheadh sin nó an t-éileamh sin a bhainistiú gan gá dul i muinín beart nach bhfuil margadhbhunaithe;

(c) 

leibhéal éigeandála (“éigeandáil”): i gcás éileamh ard urghnách ar ghás, nó suaitheadh suntasach sa soláthar gáis nó meath suntasach eile i staid an tsoláthair gáis agus i gcás ina mbeifear tar éis na bearta margadhbhunaithe uile a chur chun feidhme ach nach leordhóthanach an soláthar gáis chun freastal ar an éileamh gáis a bheidh fágtha sa chaoi nach mór bearta breise nach bhfuil margadhbhunaithe a thabhairt isteach, go háirithe d'fhonn soláthairtí gáis do chustaiméirí atá faoi chosaint a choimirciú i gcomhréir le Airteagal 6.

Airteagal 11 2.
Nuair a dhéanfaidh an t-údarás inniúil aon cheann de na leibhéil ghéarchéime dá dtagraítear i mír 1 a fhógairt, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas láithreach mar aon le húdaráis inniúla na mBallstát lena bhfuil nasc díreach ag Ballstát an údaráis inniúil sin agus tabharfaidh sé an fhaisnéis uile is gá dóibh, go háirithe an fhaisnéis maidir leis na gníomhaíochtaí a bheidh sé ar intinn aige a dhéanamh. I gcás éigeandáil a bhféadfaidh iarraidh ar chúnamh ón Aontas agus óna Ballstáit leanúint aisti, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann fógra a thabhairt gan mhoill do Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha an Choimisiúin (ERCC).
Airteagal 11 3.
I gcás ina mbeidh éigeandáil fógartha ag Ballstát agus ina mbeidh fios tugtha aige go dteastaíonn gníomhaíocht trasteorann, déanfar aon chaighdeán soláthair gáis méadaithe nó aon oibleagáid bhreise faoi Airteagal 6(2) a fhorchuirfear ar ghnóthais gáis nádúrtha i mBallstáit eile sa ghrúpa riosca céanna a laghdú go sealadach go dtí an leibhéal arna bhunú in Airteagal 6(1).

Scoirfidh na hoibleagáidí a leagtar síos sa mhír seo d'fheidhm a bheith acu a luaithe a chuirfidh an t-údarás inniúil deireadh leis an bhfógra éigeandála, nó a luaithe a chinneann an Coimisiún, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír de mhír 8, nach bhfuil údar leis an bhfógra éigeandála, nó nach bhfuil údar leis a thuilleadh.

Airteagal 11 4.
Nuair a dhéanfaidh an t-údarás inniúil éigeandáil a fhógairt, déanfaidh sé an ghníomhaíocht réamhshainithe mar a leagtar amach í ina phlean éigeandála agus cuirfidh sé an Coimisiún agus na húdaráis inniúla sa ghrúpa riosca mar aon le húdaráis inniúla na mBallstát lena bhfuil nasc díreach ag Ballstát an údaráis inniúil sin ar an eolas láithreach go háirithe faoin ngníomhaíocht a bhfuil sé beartaithe aige a dhéanamh. In imthosca eisceachtúla a mbeidh údar cuí leo, féadfaidh an t-údarás inniúil gníomhaíocht a dhéanamh a chlaonann ón bplean éigeandála. Déanfaidh an t-údarás inniúil an Coimisiún agus na húdaráis inniúla ina ghrúpa riosca mar a leagtar amach iad in Iarscríbhinn I, mar aon le húdaráis inniúla na mBallstát lena bhfuil nasc díreach ag Ballstát an údaráis inniúil sin, ar an eolas láithreach faoi aon ghníomhaíocht den sórt sin agus tabharfaidh sé údar leis an gclaonadh sin.
Airteagal 11 5.
Áiritheoidh an t-oibreoir córais tarchurtha, i gcás ina ndéanfar éigeandáil a fhógairt i mBallstát comharsanachta, go dtabharfar tús áite don acmhainn ag na pointí idirnaisc leis an mBallstát sin, is cuma an acmhainn dhocht nó an acmhainn in-idirbhriste í, agus is cuma ar cuireadh in áirithe roimh an éigeandáil nó lena linn í, agus tabharfar an tús áite sin thar acmhainn atá san iomaíocht ag pointí fágála isteach i saoráidí stórála. Déanfaidh úsáideoir córais na hacmhainne ar tugadh tús áite di cúiteamh réasúnach a íoc, gan mhoill, chuig úsáideoir córais na hacmhainne doichte as an gcaillteanas airgeadais a thabhófar mar thoradh ar an tús áite sin a bheith tugtha, lena n-áirítear aisíoc atá i gcomhréir leis an méid a chosain idirbhriseadh na hacmhainne doichte. Ní dhéanfaidh an próiseas lena gcinnfear agus lena n-íocfar an cúiteamh difear do chur chun feidhme riail na tosaíochta.
Airteagal 11 6.

Áiritheoidh na Ballstáit agus, go háirithe, na húdaráis inniúla:

(a) 

nach dtabharfar isteach aon bhearta a chuirfidh srian míchuí ar an sreabhadh gáis laistigh den mhargadh inmheánach aon tráth;

(b) 

nach dtabharfar isteach aon bhearta ar dóigh dóibh staid an tsoláthair gáis i mBallstát eile a chur i mbaol mór; agus

(c) 

go ndéanfar an rochtain trasteorann ar bhonneagar i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 a choimeád ar bun a mhéid is féidir go teicniúil agus go sábháilte, i gcomhréir leis an bplean éigeandála.

Airteagal 11 7.

Le linn éigeandála agus ar fhorais réasúnacha, arna iarraidh sin don oibreoir ábhartha córais tarchurtha leictreachais nó gáis, féadfaidh Ballstát a chinneadh tosaíocht a thabhairt don soláthar gáis do ghléasraí ríthábhachtacha áirithe cumhachta gásadhainte seachas don soláthar gáis do chatagóirí áirithe de chustaiméirí atá faoi chosaint más amhlaidh, mar thoradh ar an easpa soláthair gáis do na gléasraí ríthábhachtacha cumhachta gásadhainte sin:

(a) 

go bhféadfaí damáiste tromchúiseach a dhéanamh d'fheidhmiú an chórais leictreachais; nó

(b) 

go gcuirfí bac ar tháirgeadh gáis agus/nó ar iompar gáis.

Déanfaidh na Ballstáit aon bheart den sórt sin a bhunú ar an measúnú riosca.

Déanfar na gléasraí ríthábhachtacha cumhachta gásadhainte dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shainaithint go soiléir mar aon leis na toirteanna gáis féideartha a bheadh faoi réir beart den sórt sin agus a chuirfí san áireamh i gcaibidlí réigiúnacha na bpleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus na bpleananna éigeandála. Déanfar iad a shainaithint i ndlúthchomhar le hoibreoirí córais tarchurtha chóras leictreachais agus chóras gáis an Bhallstáit lena mbaineann.

Airteagal 11 7a.

De mhaolú ar Airteagal 6(1), (2) agus (3), Airteagal 6b(1), an tríú fomhír, pointe (a), Airteagal 6c(2), an dara fomhír, pointe (b), agus Airteagal 10(1), pointe (l), féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, ar bhonn eisceachtúil, bearta sealadacha a ghlacadh chun tomhaltas neamhriachtanach gáis ag custaiméirí atá faoi chosaint a laghdú, go háirithe i gcás ina ndearbhaítear ceann de na leibhéil ghéarchéime de bhun mhír 1 den Airteagal seo nó éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais de bhun Airteagal 12. Beidh bearta sealadacha den sórt sin teoranta do thomhaltas neamhriachtanach gáis agus cuirfear na heilimintí seo a leanas san áireamh iontu:

(a) 

tionchar an tsuaite ar shlabhraí soláthair atá criticiúil don tsochaí;

(b) 

na tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann i mBallstáit eile, go háirithe ar shlabhraí soláthair na n-earnálacha iartheachtacha atá criticiúil don tsochaí;

(c) 

an damáiste fadtéarmach a d’fhéadfadh a bheith ann do shuiteálacha tionsclaíocha;

(d) 

na féidearthachtaí maidir le tomhaltas a laghdú agus táirgí ionadacha a úsáid san Aontas.

Ní fhéadfar bearta eisceachtúla den sórt sin a dhéanamh ach amháin tar éis measúnú arna dhéanamh ag údaráis inniúla maidir leis na coinníollacha chun na toirteanna neamhriachtanacha gáis sin a chinneadh.

Mar thoradh ar na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, seachnófar an laghdú ar thomhaltas neamhriachtanach gáis ag custaiméirí leochaileacha, mar a shainmhíníonn na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 26 de Threoir (AE) 2024/1788.

Airteagal 11 8.
Fíoróidh an Coimisiún, a luaithe is féidir, ach i gcás ar bith laistigh de 5 lá tar éis dó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a fháil ón údarás inniúil, an mbeidh údar cuí leis an bhfógra éigeandála i gcomhréir le pointe (c) de mhír 1 agus an leanann na bearta a rinneadh, a dhlúithe is féidir, na gníomhaíochtaí a liostaítear sa phlean éigeandála agus fíoróidh sé nach gcuirfidh siad ualach míchuí ar na gnóthais gáis nádúrtha agus go mbeidh siad i gcomhréir le mír 6. Féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin d'údarás inniúil eile, do ghnóthais gáis nádúrtha nó ar a thionscnamh féin, a iarraidh ar an údarás inniúil na bearta a mhodhnú i gcás ina bhfuil siad contrártha do na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad abairt den mhír seo. Féadfaidh an Coimisiún freisin a iarraidh ar an údarás inniúil deireadh na héigeandála a fhógairt i gcás ina gcinnfidh sé nach bhfuil údar cuí leis an bhfógra éigeandála a thuilleadh i gcomhréir le pointe (c) de mhír 1.

Laistigh de 3 lá tar éis fógra a thabhairt faoi iarraidh an Choimisiúin, modhnóidh an t-údarás inniúil na bearta agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún ina leith nó cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi na fáthanna a n-easaontaíonn sé leis an iarraidh. Sa chás deireanach sin, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de 3 lá tar éis dó bheith curtha ar an eolas, a iarraidh a leasú nó a tharraingt siar nó, d'fhonn an tsaincheist a bhreithniú, féadfaidh sé an t-údarás inniúil lena mbaineann nó, más iomchuí, na húdaráis inniúla lena mbaineann, agus, más é tuairim an Choimisiúin go bhfuil gá leis, GCG a thionól. Leagfaidh an Coimisiún amach na fáthanna mionsonraithe a bheidh aige maidir le haon mhodhnú ar an ngníomhaíocht a iarraidh. Tabharfaidh an t-údarás inniúil aird iomlán ar sheasamh an Choimisiúin. I gcás ina gclaonfaidh cinneadh críochnaitheach an údaráis inniúil ó sheasamh an Choimisiúin, soláthróidh an t-údarás inniúil na fáthanna is bonn leis an gcinneadh sin.

Airteagal 11 9.
I gcás ina ndéanfaidh an t-údarás inniúil deireadh aon chinn de na leibhéil ghéarchéime dá dtagraítear i mír 1 a fhógairt, cuirfidh sé é sin in iúl don Choimisiún agus d'údaráis inniúla na mBallstát lena bhfuil nasc díreach ag Ballstát an údaráis inniúil sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1938
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.