+Airteagal 12 Freagairtí éigeandála réigiúnacha agus Aontais
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 12 3.
---+Airteagal 12 4.
---+Airteagal 12 5.
---+Airteagal 12 6.
---+Airteagal 12 7.
---+Airteagal 12 8.

Airteagal 12 Freagairtí éigeandála réigiúnacha agus Aontais

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 12 1.
Féadfaidh an Coimisiún éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais a fhógairt arna iarraidh sin d'údarás inniúil a mbeidh éigeandáil fógartha aige agus tar éis fíorú a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 11(8).

Fógróidh an Coimisiún éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais, de réir mar is iomchuí, arna iarraidh sin do 2 údarás inniúla ar a laghad a mbeidh éigeandáil fógartha acu agus tar éis fíorú a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 11(8), agus i gcás ina mbeidh nasc idir cúiseanna na n-éigeandálaí sin.

I ngach cás, nuair a fhógróidh sé éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais, déanfaidh an Coimisiún, trí úsáid a bhaint as an modh cumarsáide is oiriúnaí don staid, tuairimí na n-údarás inniúil eile a bhailiú agus tabharfaidh sé dá aire go cuí an fhaisnéis ábhartha uile arna soláthar ag na húdaráis inniúla eile. Nuair a chinneann an Coimisiún, tar éis measúnaithe, nach bhfuil údar ann a thuilleadh leis an éigeandáil réigiúnach nó leis an éigeandáil Aontais a fhógairt, fógróidh sé go bhfuil deireadh leis an éigeandáil réigiúnach nó leis an éigeandáil Aontais agus tabharfaidh sé cúiseanna lena chinneadh agus cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas faoina chinneadh.

Airteagal 12 2.
Tionólfaidh an Coimisiún GCG a luaithe a fhógróidh sé éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais.
Airteagal 12 3.

I gcás éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais, déanfaidh an Coimisiún gníomhaíocht na n-údarás inniúil a chomhordú, agus aird iomlán á tabhairt ar an bhfaisnéis ábhartha ón gcomhairliúchán leis GCG agus ar na torthaí a éireoidh as. Go háirithe, déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas:

(a) 

malartú faisnéise a áirithiú;

(b) 

comhsheasmhacht agus éifeachtacht a áirithiú i dtaca leis an ngníomhaíocht ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal réigiúnach i gcoibhneas le leibhéal an Aontais;

(c) 

na gníomhaíochtaí a chomhordú maidir le tríú tíortha.

Airteagal 12 4.
Féadfaidh an Coimisiún grúpa bainistithe géarchéime a thionól ina mbeidh na bainisteoirí géarchéime dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 10(1) ó na Ballstáit a mbaineann an éigeandáil leo. Féadfaidh an Coimisiún, le comhaontú ó na bainisteoirí géarchéime, a iarraidh ar pháirtithe leasmhara ábhartha eile a bheith rannpháirteach. Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear GCG ar an eolas go tráthrialta faoin obair a bheidh ar bun ag an ngrúpa bainistithe géarchéime.
Airteagal 12 5.

Áiritheoidh na Ballstáit agus, go háirithe, na húdaráis inniúla, an méid seo a leanas:

(a) 

nach dtabharfar isteach aon bhearta a chuirfidh srian míchuí ar an sreabhadh gáis laistigh den mhargadh inmheánach aon tráth, go háirithe an sreabhadh gáis go dtí na margaí a mbeidh difear á ndéanamh dóibh;

(b) 

nach dtabharfar isteach aon bhearta ar dóigh dóibh staid an tsoláthair gáis i mBallstát eile a chur i mbaol mór; agus

(c) 

go ndéanfar an rochtain trasteorann ar bhonneagar i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 a choimeád ar bun a mhéid is féidir go teicniúil agus go sábháilte, i gcomhréir leis an bplean éigeandála.

Airteagal 12 6.
Más rud é, arna iarraidh sin d'údarás inniúil, do ghnóthais gáis nádúrtha nó ar a thionscnamh féin, go measann an Coimisiún go bhfuil gníomhaíocht atá déanta ag Ballstát nó ag údarás inniúil nó iompraíocht gnóthais gáis nádúrtha, le linn éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais, contrártha do mhír 5, iarrfaidh an Coimisiún ar an mBallstát sin nó ar an údarás inniúil sin a ghníomhaíocht a mhodhnú nó gníomhaíocht a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar mír 5, agus cuirfidh sé na fáthanna atá leis sin in iúl dó. Tabharfar aird chuí ar an ngá leis an gcóras gáis a oibriú go sábháilte gach tráth.

Laistigh de 3 lá tar éis fógra a thabhairt faoi iarraidh an Choimisiúin, modhnóidh an Ballstáit nó an t-údarás inniúil a ghníomhaíocht agus cuirfidh sé fógra don Choimisiún ina leith sin nó cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi na cúiseanna a n-easaontaíonn sé leis an iarraidh. Sa dara cás, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de 3 lá tar éis dó bheith curtha ar an eolas, a iarraidh a leasú nó a tharraingt siar nó féadfaidh sé an Ballstát nó an t-údarás inniúil agus, i gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil gá leis, GCG a thionól chun an tsaincheist a bhreithniú. Leagfaidh an Coimisiún amach na cúiseanna mionsonraithe a bheidh aige maidir le haon mhodhnuithe ar an ngníomhaíocht a iarraidh. Modhnóidh an Ballstát nó an t-údarás inniúil a ghníomhaíocht nó déanfaidh sé beart chun a áirithiú go gcomhlíonfar mír 5 a mhéid is féidir go teicniúil agus go sábháilte ar mhaithe le sláine an chórais gáis. Cuirfidh an Ballstát nó an t-údarás inniúil an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta a glacadh.

Airteagal 12 7.
Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le GCG, buanliosta ionadaithe a tharraingt suas do thascfhórsa faireacháin ar a mbeidh saineolaithe tionscail agus ionadaithe ón gCoimisiún. Féadfar an tascfhórsa faireacháin a imscaradh lasmuigh den Aontas nuair is gá sin agus déanfaidh sé faireachán agus tuairisciú ar na sreafaí gáis isteach san Aontas, i gcomhar leis na tríú tíortha soláthair agus idirthurais.
Airteagal 12 8.
Déanfaidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis a bhaineann le haon chúnamh is gá a sholáthar d'ERCC an Choimisiúin. Déanfaidh ERCC an staid fhoriomlán a mheasúnú agus tabharfaidh sé comhairle faoin gcúnamh ba cheart a sholáthar do na Ballstáit is mó a ndéantar difear dóibh, agus do thríú tíortha nuair is iomchuí sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1938
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.