+Airteagal 13 8b.

Airteagal 13 8b.

I gcás nár chomhaontaigh dhá Bhallstát na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais is gá de bhun mhír 10 trí bhíthin comhaontú dlúthpháirtíochta, déanfaidh an Ballstát a iarrann na bearta dlúthpháirtíochta a chur i bhfeidhm iarraidh ar dhlúthpháirtíocht a eisiúint do Bhallstát eile, ina léireofar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(a) 

sonraí teagmhála údarás inniúil an Bhallstáit;

(b) 

i gcás inarb ábhartha, sonraí teagmhála oibreoirí córais tarchuir ábhartha an Bhallstáit;

(c) 

i gcás inarb ábhartha, sonraí teagmhála an tríú páirtí atá ag gníomhú thar ceann an Bhallstáit;

(d) 

tréimhse seachadta lena n-áirítear uainiú an chéad seachadta fhéideartha agus fad measta na seachadtaí;

(e) 

na pointí seachadta agus idirnaisc;

(f) 

toirt an gháis in kWh do gach pointe idirnaisc;

(g) 

caighdeán an gháis.

Seolfar an iarraidh ar dhlúthpháirtíocht go comhuaineach chuig na Ballstáit a d’fhéadfadh a bheith in ann bearta dlúthpháirtíochta a sholáthar, chuig an gCoimisiún agus chuig na bainisteoirí géarchéime arna n-ainmniú de bhun Airteagal 10(1), pointe (g).

Seolfaidh na Ballstáit a fhaigheann iarraidh dlúthpháirtíochta freagra ina léireofar na sonraí teagmhála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), agus an toirt agus an cháilíocht is féidir a sholáthar do na pointí idirnaisc ag an am a iarrtar dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (d) go (g). Mura leor an toirt is féidir a sholáthar trí bhearta deonacha, léireofar sa fhreagairt an toirt a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar chiorrú féideartha, ar scaoileadh stoc straitéiseach nó ar chur i bhfeidhm beart eile.

Déanfar iarrataí ar dhlúthpháirtíocht a chur isteach 48 uair an chloig ar a laghad roimh an am seachadta sonraithe do ghás.

Beidh éifeacht ag an bhfreagairt ar iarrataí ar dhlúthpháirtíocht laistigh de 18 uair an chloig. Beidh éifeacht ag an dearbhú maidir leis an toirt atá le glacadh ag an mBallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht laistigh de 6 huaire an chloig tar éis an tairiscint dlúthpháirtíochta a fháil agus ar a laghad 24 uair an chloig roimh an am seachadta gáis atá sonraithe. Féadfar an iarraidh a chur isteach ar feadh tréimhse lae nó roinnt laethanta, agus beidh an freagra ag teacht leis an bhfad a iarradh. I gcás ina bhfuil roinnt Ballstát ag soláthar na dlúthpháirtíochta agus ina bhfuil socruithe déthaobhacha dlúthpháirtíochta i bhfeidhm ag ceann amháin nó níos mó acu, ba cheart tosaíocht a bheith ag na socruithe sin idir na Ballstáit a bhfuil comhaontú déthaobhach acu. Ní bheidh na rialacha réamhshocraithe dá bhforáiltear sa mhír seo infheidhme ach amháin i ndáil leis na Ballstáit eile a sholáthraíonn dlúthpháirtíocht.

Féadfaidh an Coimisiún cur chun feidhme dlúthpháirtíochta a éascú, go háirithe trí bhíthin teimpléid atá inrochtana ar ardán slán ar líne chun gur féidir iarrataí agus tairiscintí a tharchur i bhfíor-am.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1938
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.