+Airteagal 13 Dlúthpháirtíocht
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 13 3a.
---+Airteagal 13 4.
---+Airteagal 13 5.
---+Airteagal 13 6.
---+Airteagal 13 7.
---+Airteagal 13 8.
---+Airteagal 13 8a.
---+Airteagal 13 8b.
---+Airteagal 13 8c.
---+Airteagal 13 9.
---+Airteagal 13 10.
---+Airteagal 13 11.
---+Airteagal 13 15.
---+Airteagal 13 16.
|
Airteagal 13 Dlúthpháirtíocht
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13 1.
|
Má iarrann Ballstát cur chun feidhme an bhirt dlúthpháirtíochta de bhun an Airteagail seo, déanfaidh Ballstát a bhfuil nasc díreach aige leis an mBallstát iarrthach nó, i gcás ina bhforálfaidh an Ballstát amhlaidh, a údarás inniúil nó oibreoir a chórais tarchurtha nó a chórais dáileacháin, a mhéid is féidir, gan staideanna neamhshábháilte a chruthú, na bearta is gá d'fhonn a áirithiú go laghdófar an soláthar gáis do chustaiméirí ar a chríoch nach custaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht iad nó nach leanfar leis, a mhéid is gá agus fad nach sásaítear an soláthar gáis do na custaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht sa Bhallstát iarrthach. Áiritheoidh an Ballstát iarrthach go ndéanfar an toirt ábhartha gáis a sheachadadh go héifeachtach chuig custaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht ina chríoch. In imthosca eisceachtúla agus ar iarraidh cuí-réasúnaithe ón oibreoir ábhartha córais tarchurtha leictreachais nó gáis ar a údarás inniúil, féadfar leanúint freisin de ghás a sholáthar do ghléasraí áirithe ríthábhachtacha cumhachta gásadhainte mar a shainítear de bhun Airteagal 11(7) iad sa Bhallstát a bhfuil an dlúthpháirtíocht á soláthar, más rud é go ndéanfaí damáiste tromchúiseach d'fheidhmiú an chórais leictreachais nó go gcuirfí bac ar tháirgeadh gáis agus/nó ar iompar gáis mura ndéanfaí gás a sholáthar do na gléasraí sin.
|
|
Airteagal 13 2.
|
Lena chois sin, déanfaidh Ballstát an beart dlúthpháirtíochta a sholáthar do Bhallstát eile lena bhfuil nasc aige trí thríú tír mura rud é go mbeidh srian ar shreafaí tríd an tríú tír. Beidh síneadh den sórt sin ar an mbeart faoi réir chomhaontú na mBallstát ábhartha agus déanfaidh na Ballstáit sin, de réir mar is iomchuí, a thabhairt ar an tríú tír trína bhfuil nasc acu a bheith rannpháirteach.
|
|
Airteagal 13 3.
|
Déanfar beart dlúthpháirtíochta mar rogha dheiridh agus beidh feidhm aige ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas i leith an Bhallstáit iarrthaigh:
(a)
dhearbhaigh sé stádas éigeandála faoi Airteagal 11;
(b)
ní raibh sé in ann an t-easnamh sa soláthar gáis dá custaiméirí atá faoi chosaint a chumhdach d’ainneoin chur i bhfeidhm an bhirt dá dtagraítear in Airteagal 11(3) nó i gcás ina bhfuil bearta sealadacha déanta ag Ballstát chun tomhaltas neamhriachtanach ag custaiméirí atá faoi chosaint a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 11(7a), na toirteanna bunriachtanacha tomhaltais gáis dá chustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht;
(c)
na bearta margadhbhunaithe (bearta deonacha) ar fad, na bearta neamh-mhargadhbhunaithe ar fad (bearta éigeantacha) agus bearta eile atá ina phlean éigeandála a bheith ídithe aige;
(d)
thug sé fógra faoi iarraidh shainráite don Choimisiún agus d’údaráis inniúla na mBallstát go léir lena mbaineann lena bhfuil nasc aige go díreach nó, de bhun mhír 2, trí thríú tír, agus tuairisc ar na bearta a cuireadh chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo in éineacht leis an iarraidh.
|
|
Airteagal 13 3a.
|
Beidh na Ballstáit a bhfuil sé d’oibleagáid orthu dlúthpháirtíocht a sholáthar de bhun mhír 1 i dteideal na soláthairtí a bhaint den tairiscint dlúthpháirtíochta dá chustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht nó, i gcás ina bhfuil bearta sealadacha déanta ag Ballstát chun tomhaltas neamhriachtanach gáis ag custaiméirí atá faoi chosaint a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 11(7a), na soláthairtí de na toirteanna riachtanacha tomhaltais gáis dá chustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht.
|
|
Airteagal 13 4.
|
Déanfaidh na Ballstáit a fhaigheann iarraidh ar bheart dlúthpháirtíochta tairiscintí ar bhonn bearta deonacha atá dírithe ar an éileamh, a mhéid agus a fhad is féidir, roimh dhul i muinín bearta nach bhfuil margadhbhunaithe. I gcás nach leor na bearta margadhbhunaithe don Bhallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht chun an t-easnamh sa soláthar gáis do chustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht sa Bhallstát iarrthach a chumhdach, féadfaidh an Ballstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht bearta nach bhfuil margadhbhunaithe a thabhairt isteach d’fhonn na hoibleagáidí a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2 a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 13 5.
|
Má tá níos mó ná Ballstát amháin ann a d’fhéadfadh an dlúthpháirtíocht a sholáthar do Bhallstát iarrthach, déanfaidh an Ballstát iarrthach an tairiscint is buntáistí a lorg ar bhonn costas, luas seachadta, iontaofacht, agus éagsúlú na soláthairtí gáis, tar éis dó dul i gcomhairle le gach Ballstát a gceanglaítear air an dlúthpháirtíocht a sholáthar. I gcás nach leor na tairiscintí margadhbhunaithe atá ar fáil chun an t-easnamh sa soláthar gáis do na custaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht a chumhdach sa Bhallstát iarrthach nó, i gcás ina bhfuil bearta sealadacha déanta ag an mBallstát iarrthach chun tomhaltas neamhriachtanach gáis ag custaiméirí atá faoi chosaint a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 11(7a), nó chun an t-easnamh i soláthar gáis na dtoirteanna fíor-riachtanacha tomhaltais gáis dá chustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht a chumhdach, beidh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit a gceanglaítear orthu dlúthpháirtíocht a sholáthar bearta nach bhfuil margadhbhunaithe a ghníomhachtú.
|
|
Airteagal 13 6.
|
Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit iarrthaigh an Coimisiún agus údaráis inniúla na mBallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht ar an eolas láithreach nuair a shásaítear an soláthar gáis do na custaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht ina chríoch nó i gcás ina ndéantar na hoibleagáidí faoi mhír 1 agus faoi mhír 2, atá bunaithe ar a riachtanais, a laghdú, nó i gcás ina ndéantar iad a chur ar fionraí arna iarraidh sin don Bhallstát a fhaigheann an dlúthpháirtíocht.
|
|
Airteagal 13 7.
|
Beidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar síos i mír 1 agus mír 2 faoi réir oibriú teicniúil sábháilte agus iontaofa chóras gáis Ballstáit a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht agus faoi réir theorainn uaschumas onnmhairiúcháin idirnaisc bhonneagar an Bhallstáit ábhartha i dtreo an Bhallstáit iarrthaigh. Féadfar imthosca den sórt sin a léiriú i socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais, go háirithe na himthosca sin faoina ndéanfaidh an margadh suas go dtí an acmhainn uasta idirnaisc a sheachadadh.
|
|
Airteagal 13 8.
|
Soláthrófar an dlúthpháirtíocht faoin Rialachán seo ar bhonn cúitimh. Íocfaidh an Ballstát a iarrann an dlúthpháirtíocht go pras, nó áiritheoidh sé go n-íocfar go pras, cúiteamh cóir leis an mBallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht.
I gcás inar tháinig dhá Bhallstát ar chomhaontú maidir leis na socruithe teicniúla agus dlíthiúla is gá de bhun mhír 10 (comhaontú dlúthpháirtíochta), cumhdófar an méid seo a leanas ar a laghad leis an gcúiteamh cóir sin:
▼B
(a)
an gás a sheachadtar chuig críoch an Bhallstáit iarrthaigh;
(b)
gach costas ábhartha agus réasúnta eile a thabhaítear agus an dlúthpháirtíocht á soláthar, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, costais na mbeart sin, a d'fhéadfadh a bheith bunaithe roimh ré;
(c)
aisíocaíocht ar aon chúiteamh a eascraíonn as imeachtaí breithiúnacha, imeachtaí eadrána, nó imeachtaí agus socraíochtaí comhchosúla agus costais ghaolmhara —imeachtaí den sórt sin lena bhfuil baint ag an mBallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht i leith eintitis a bhfuil baint acu le soláthar dlúthpháirtíocht den sórt sin.
San áireamh leis an gcúiteamh cóir de bhun na chéad fhomhíre agus an dara fomhír, beidh, inter alia, na costais réasúnta uile a thabhaíonn an Ballstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht ón oibleagáid chun cúiteamh a íoc de bhua na gceart bunúsach a ráthaítear le dlí an Aontais agus de bhua na n-oibleagáidí idirnáisiúnta infheidhme agus an tAirteagal seo á chur chun feidhme, mar aon le costais bhreise réasúnta a thabhaítear agus cúiteamh á íoc de bhun na rialacha náisiúnta cúitimh. Glacfaidh na mBallstáit na bearta is gá, go háirithe na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais de bhun mhír 10, chun an chéad, an dara agus an tríú fomhír den mhír seo a chur chun feidhme. Le bearta den sórt sin, féadfar foráil a dhéanamh do na socruithe praiticiúla maidir le híocaíocht phras.
|
|
Airteagal 13 8a.
|
I gcás nár tháinig dhá Bhallstát ar chomhaontú maidir leis na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais is gá de bhun mhír 10 trí bhíthin comhaontú dlúthpháirtíochta, beidh an seachadadh gáis de bhun na hoibleagáide a leagtar síos i mír 1 i gcás éigeandála faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa mhír seo. Ní rachaidh an cúiteamh as an mbeart dlúthpháirtíochta thar chostais réasúnacha. Mura gcomhaontóidh an Ballstát a iarrann an dlúthpháirtíocht agus an Ballstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht a mhalairt, beidh an méid seo a leanas san áireamh sa chúiteamh:
(a)
an praghas ar ghás sa Bhallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht;
(b)
na costais stórála agus iompair;
(c)
costais dlíthíochta le haghaidh imeachtaí breithiúnacha nó eadrána gaolmhara ina bhfuil an Ballstát a sholáthraíonn dlúthpháirtíocht páirteach;
(d)
costais indíreacha eile nach gcumhdaítear leis an bpraghas ar ghás, cosúil le haisíocaíocht damáistí airgeadais nó damáistí eile a eascraíonn as sceitheadh éigeantach ualaigh dhocht custaiméirí a bhaineann le soláthar dlúthpháirtíochta.
Mura gcomhaontóidh an Ballstát a iarrann an dlúthpháirtíocht agus an Ballstát atá ag soláthar na dlúthpháirtíochta ar phraghas eile, beidh praghas an gháis a sholáthraítear don Bhallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht ag freagairt do phraghas an mhargaidh lá roimh ré sa Bhallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht an lá roimh an iarraidh ar dhlúthpháirtíocht nó an praghas margaidh lá roimh ré comhfhreagrach ag an malartú is gaire inrochtana, ag an bpointe trádála fíorúil malairte inrochtana is gaire, nó ag mol comhaontaithe an lá roimh an iarraidh ar dhlúthpháirtíocht. Cúiteamh ar na toirteanna gáis a sheachadtar i gcomhthéacs iarrata dlúthpháirtíochta, déanfaidh an Ballstát a iarrann an dlúthpháirtíocht é a íoc go díreach leis an mBallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht nó leis an eintiteas a shonraíonn an dá Bhallstát ina bhfreagra ar an iarraidh ar dhlúthpháirtíocht agus an dearbhú maidir leis an bhfáltas agus leis an toirt atá le glacadh. Déanfaidh an Ballstát a bhfuil an iarraidh ar bheart dlúthpháirtíochta dírithe air an beart dlúthpháirtíochta a sholáthar a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná an t-am seachadta a sonraíodh don iarraidh. Féadfaidh Ballstát diúltú dlúthpháirtíocht a sholáthar do Bhallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht ar choinníoll go léiríonn an Ballstát a ndéantar an iarraidh air an méid seo a leanas:
(a)
nach bhfuil dóthain gáis aige i gcomhair na dtoirteanna atá le soláthar do na custaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht; nó
(b)
nach bhfuil acmhainn idirnaisc leordhóthanach ar fáil aige, mar a leagtar amach in Airteagal 13(7), nó go bhfuil sreafaí gáis srianta trí thríú tír.
Beidh diúltú den sórt sin teoranta go docht do na toirteanna gáis a ndéanann ceann amháin nó an dá cheann de na srianta dá dtagraítear sa cheathrú fomhír difear dóibh. Sa bhreis ar na rialacha réamhshocraithe dá bhforáiltear sa mhír seo, féadfaidh na Ballstáit socruithe teicniúla agus an comhordú ar sholáthar na dlúthpháirtíochta a chomhaontú. Beidh an mhír seo gan dochar do shocruithe atá ann cheana maidir le hoibriú sábháilte iontaofa an chórais gáis.
|
|
Airteagal 13 8b.
|
I gcás nár chomhaontaigh dhá Bhallstát na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais is gá de bhun mhír 10 trí bhíthin comhaontú dlúthpháirtíochta, déanfaidh an Ballstát a iarrann na bearta dlúthpháirtíochta a chur i bhfeidhm iarraidh ar dhlúthpháirtíocht a eisiúint do Bhallstát eile, ina léireofar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:
(a)
sonraí teagmhála údarás inniúil an Bhallstáit;
(b)
i gcás inarb ábhartha, sonraí teagmhála oibreoirí córais tarchuir ábhartha an Bhallstáit;
(c)
i gcás inarb ábhartha, sonraí teagmhála an tríú páirtí atá ag gníomhú thar ceann an Bhallstáit;
(d)
tréimhse seachadta lena n-áirítear uainiú an chéad seachadta fhéideartha agus fad measta na seachadtaí;
(e)
na pointí seachadta agus idirnaisc;
(f)
toirt an gháis in kWh do gach pointe idirnaisc;
Seolfar an iarraidh ar dhlúthpháirtíocht go comhuaineach chuig na Ballstáit a d’fhéadfadh a bheith in ann bearta dlúthpháirtíochta a sholáthar, chuig an gCoimisiún agus chuig na bainisteoirí géarchéime arna n-ainmniú de bhun Airteagal 10(1), pointe (g). Seolfaidh na Ballstáit a fhaigheann iarraidh dlúthpháirtíochta freagra ina léireofar na sonraí teagmhála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), agus an toirt agus an cháilíocht is féidir a sholáthar do na pointí idirnaisc ag an am a iarrtar dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (d) go (g). Mura leor an toirt is féidir a sholáthar trí bhearta deonacha, léireofar sa fhreagairt an toirt a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar chiorrú féideartha, ar scaoileadh stoc straitéiseach nó ar chur i bhfeidhm beart eile. Déanfar iarrataí ar dhlúthpháirtíocht a chur isteach 48 uair an chloig ar a laghad roimh an am seachadta sonraithe do ghás. Beidh éifeacht ag an bhfreagairt ar iarrataí ar dhlúthpháirtíocht laistigh de 18 uair an chloig. Beidh éifeacht ag an dearbhú maidir leis an toirt atá le glacadh ag an mBallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht laistigh de 6 huaire an chloig tar éis an tairiscint dlúthpháirtíochta a fháil agus ar a laghad 24 uair an chloig roimh an am seachadta gáis atá sonraithe. Féadfar an iarraidh a chur isteach ar feadh tréimhse lae nó roinnt laethanta, agus beidh an freagra ag teacht leis an bhfad a iarradh. I gcás ina bhfuil roinnt Ballstát ag soláthar na dlúthpháirtíochta agus ina bhfuil socruithe déthaobhacha dlúthpháirtíochta i bhfeidhm ag ceann amháin nó níos mó acu, ba cheart tosaíocht a bheith ag na socruithe sin idir na Ballstáit a bhfuil comhaontú déthaobhach acu. Ní bheidh na rialacha réamhshocraithe dá bhforáiltear sa mhír seo infheidhme ach amháin i ndáil leis na Ballstáit eile a sholáthraíonn dlúthpháirtíocht. Féadfaidh an Coimisiún cur chun feidhme dlúthpháirtíochta a éascú, go háirithe trí bhíthin teimpléid atá inrochtana ar ardán slán ar líne chun gur féidir iarrataí agus tairiscintí a tharchur i bhfíor-am.
|
|
Airteagal 13 8c.
|
I gcás inar soláthraíodh beart dlúthpháirtíochta i gcomhréir le míreanna 1 agus 2, beidh méid deiridh an chúitimh chóir a d’íoc an Ballstát iarrthach faoi réir rialú ex post ag údaráis rialála náisiúnta an Bhallstáit is soláthraí agus an Bhallstáit iarrthaigh, laistigh de 3 mhí ó dheireadh na héigeandála. I gcás nach dtagann na húdaráis rialála náisiúnta ar chomhaontú maidir le ríomh mhéid deiridh an chúitimh chóir, cuirfidh siad na húdaráis inniúla ábhartha, an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht ar an eolas gan mhoill. Sa chás sin, nó ar iarraidh chomhpháirteach ó na húdaráis rialála náisiúnta, déanfaidh an Ghníomhaireacht leibhéal iomchuí an chúitimh chóir as na costais indíreacha mar thoradh ar an dlúthpháirtíocht a sholáthar a ríomh agus tabharfaidh sí tuairim fhíorasach laistigh de thrí 3 ó dháta an tarchuir chuig an nGníomhaireacht. Sula ndéanfar tuairim fhíorasach den sórt sin a sholáthar, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha agus leis húdaráis inniúla ábhartha. Féadfar síneadh 2 mhí sa bhreis a chur leis an tréimhse 3 mhí sin dá dtagraítear sa dara fomhír má iarrann an Ghníomhaireacht tuilleadh faisnéise. Tosóidh an tréimhse bhreise sin ar an lá tar éis an fhaisnéis iomlán a fháil. Rachfar i gcomhairle leis an mBallstát iarrthach agus tabharfaidh sé a thuairim ar thabhairt i gcrích an rialaithe ex post. Tar éis an Chomhairliúcháin leis an mBallstát iarrthach, tá an t-údarás a dhéanann an rialú ex post sin i dteideal ceartú ar mhéid an chúitimh a cheangal, agus tuairim an Bhallstáit iarrthaigh á tabhairt san áireamh. Déanfar conclúidí an rialaithe ex post sin a tharchur chuig an gCoimisiún, a chuirfidh san áireamh iad ina thuarascáil ar an éigeandáil de bhun Airteagal 14(3).
|
|
Airteagal 13 9.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirtear forálacha an Airteagail seo chun feidhme i gcomhréir leis na Conarthaí, le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus leis na hoibleagáidí idirnáisiúnta infheidhme. Déanfaidh siad na bearta is gá chuige sin.
|
|
Airteagal 13 10.
|
Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go soláthrófar gás do chustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht sa Bhallstát iarrthach i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 agus déanfaidh siad a ndícheall teacht ar chomhaontú maidir le socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais. Déanfar na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais a chomhaontú idir na Ballstáit a bhfuil nasc díreach acu lena chéile nó, i gcomhréir le mír 2, a bhfuil nasc eatarthu trí thríú tír, agus tuairisceofar iad sna pleananna éigeandála faoi seach a bheidh acu. Féadfar na heilimintí seo a leanas, i measc nithe eile, a chuimsiú sna socruithe sin:
(a)
sábháilteacht oibríochtúil na líonraí;
(b)
cur i bhfeidhm praghsanna gáis agus an mhodheolaíocht chun iad a shocrú, agus aird á tabhairt ar an tionchar ar fheidhmiú an mhargaidh;
(c)
idirnaisc a úsáid, lena n-áirítear acmhainn dhéthreoch agus gás a stóráil faoi thalamh;
(d)
na toirteanna gáis nó an mhodheolaíocht chun iad a shocrú;
(e)
catagóirí na gcostas a chaithfear a chumhdach trí chúiteamh cothrom, pras, a bhféadfaí damáistí do thionsclaíocht chiorraithe a bheith ar áireamh ann;
(f)
léiriú ar conas a d’fhéadfaí an cúiteamh cóir a ríomh.
Beidh ar áireamh sa socrú airgeadais a chomhaontaítear idir na Ballstáit sula n-iarrtar an dlúthpháirtíocht forálacha lenar féidir an cúiteamh cóir a ríomh i leith na gcostas ábhartha réasúnta uile, ar a laghad, a thabhaítear agus dlúthpháirtíocht á soláthar agus gealltanas go n-íocfar an cúiteamh sin. Soláthrófar, le sásra cúitimh ar bith, dreasachtaí chun páirt a ghlacadh i réitigh mhargadhbhunaithe amhail ceantanna agus sásraí maidir le freagairt ar éileamh. Ní chruthófar dreasachtaí saobha leis, lena n-áirítear i dtéarmaí airgeadais, do rannpháirtithe sa mhargadh chun a gcuid gníomhaíochta a chur siar go dtí go gcuirtear bearta nach bhfuil margadhbhunaithe i bhfeidhm. Déanfar gach sásra cúitimh, nó achoimre orthu ar a laghad, a áireamh sna pleananna éigeandála. I gcás ina dtiocfaidh costais réasúnacha nua shuntasacha chun cinn, mar thoradh ar imeachtaí breithiúnacha de bhun mhír 8, an dara fomhír, pointe (c), tar éis an rialú ex post a thabhairt i gcrích, cuirfidh an Ballstát is soláthraí an Ballstát iarrthach ar an eolas láithreach. Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, an Ghníomhaireacht, rialú ex post nua de bhun mhír 8c. Tá toradh an rialaithe nua ex post sin gan dochar don oibleagáid atá ar Bhallstát is soláthraí cúiteamh a thabhairt do chustaiméirí faoin dlí náisiúnta agus don cheart atá acu cúiteamh cóir a fháil.
|
|
Airteagal 13 11.
|
Fad a fhéadfaidh Ballstát tomhaltas gáis a chuid custaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht a chumhdach óna tháirgeacht féin, ní mheasfar é a bheith riachtanach socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais a thabhairt i gcrích le Ballstáit lena bhfuil nasc díreach aige nó, i gcomhréir le mír 2, trí thríú tír, ar mhaithe leis an dlúthpháirtíocht a fháil. Ní dhéanfaidh an méid sin difear d’oibleagáid an Bhallstáit ábhartha an dlúthpháirtíocht a sholáthar do Bhallstáit eile de bhun an Airteagail seo.
|
|
Airteagal 13 15.
|
Scoirfidh na hoibleagáidí a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo d’fheidhm a bheith acu díreach tar éis deireadh na héigeandála a fhógairt nó trátha dhéanann an Coimisiún a chinneadh, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 11(8), an chéad fhomhír, nach bhfuil údar leis an bhfógra éigeandála, nó nach bhfuil údar leis a thuilleadh.
|
|
Airteagal 13 16.
|
I gcás ina dtabhóidh an tAontas costais de bhua aon dliteanas, seachas le haghaidh gníomhartha neamhdhleathacha nó iompar neamhdhleathach de bhun an dara mír d'Airteagal 340 CFAE, i ndáil le bearta a gceanglaítear ar na Ballstáit iad a ghlacadh de bhun an Airteagail seo, déanfaidh an Ballstát a fhaigheann an dlúthpháirtíocht na costais sin a aisíoc leis.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1938
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|