+Airteagal 15 Rúndacht ghairmiúil
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.
---+Airteagal 15 3.
---+Airteagal 15 4.

Airteagal 15 Rúndacht ghairmiúil

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 15 1.
Aon fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus a gheofar, a mhalartófar nó a tharchuirfear de bhun Airteagal 14(4), (5), (6), (7) agus (8), agus Airteagal18, seachas torthaí na measúnuithe dá dtagraítear in Airteagal 14(3) agus (5), beidh sí faoi rún agus beidh sí faoi réir choinníollacha na rúndachta gairmiúla a leagtar síos san Airteagal seo.
Airteagal 15 2.

Beidh feidhm ag an oibleagáid maidir le rúndacht ghairmiúil maidir leis na daoine seo a leanas a fhaigheann faisnéis rúnda i gcomhréir leis an Rialachán seo:

(a) 

daoine atá ag obair nó a d'oibrigh don Choimisiún;

(b) 

iniúchóirí agus saineolaithe a fhaigheann treoracha ón gCoimisiún;

(c) 

daoine atá ag obair nó a d'oibrigh do na húdaráis inniúla agus do na húdaráis rialála náisiúnta nó d'údaráis ábhartha eile;

(d) 

iniúchóirí agus saineolaithe a fhaigheann treoracha ó údaráis inniúla agus ó údaráis rialála náisiúnta nó ó údaráis ábhartha eile a fhaigheann faisnéis rúnda i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 15 3.
Gan dochar do chásanna a chumhdaítear leis an dlí coiriúil, le forálacha eile an Rialacháin seo nó le dlí ábhartha eile an Aontais, ní fhéadfar faisnéis rúnda a fhaigheann na daoine dá dtagraítear i mír 2 i gcúrsa a gcuid dualgas a nochtadh d'aon duine eile nó d'aon údarás eile, seachas i bhfoirm achomair nó i bhfoirm chomhiomlán ionas nach féidir rannpháirtí aonair margaidh nó ionad margaidh aonair a shainaithint.
Airteagal 15 4.
Gan dochar do chásanna a chumhdaítear leis an dlí coiriúil, ní fhéadfaidh an Coimisiún, na húdaráis inniúla agus na húdaráis rialála náisiúnta, comhlachtaí nó daoine a fhaigheann faisnéis rúnda de bhun an Rialacháin seo faisnéis rúnda a úsáid ach amháin i gcomhlíonadh a ndualgas agus i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna. Féadfaidh údaráis, comhlachtaí nó daoine eile an fhaisnéis sin a úsáid chun na críche ar soláthraíodh an fhaisnéis sin dóibh nó i gcomhthéacs imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a bhaineann go sonrach le feidhmiú a bhfeidhmeanna.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1938
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.