|
+IARSCRÍBHINN II |
IARSCRÍBHINN II
IARSCRÍBHINN II Foirmle N – 1 a ríomh 1. Sainmhíniú ar fhoirmle N – 1 Tuairisc is ea foirmle N – 1 ar an méid is féidir le hacmhainn theicniúil an bhonneagair gáis an t-éileamh iomlán ar ghás sa limistéar arna ríomh a shásamh i gcás shuaitheadh an bhonneagair gáis is mó lá atá éileamh ard urghnách ar ghás ann a bhíonn ann uair sa 20 bliain de réir dóchúlacht staitistiúil. Is cuid den bhonneagar gáis é an gréasán tarchurtha gáis lena n-áirítear idirnascairí, chomh maith le saoráidí táirgthe, saoráidí GNL agus saoráidí stórála atá nasctha leis an limistéar arna ríomh. Acmhainn theicniúil na mbonneagar gáis eile uile a mbeidh fáil orthu i gcás shuaitheadh an bhonneagair gáis is mó, beidh sí comhionann, ar a laghad, le suim an éilimh laethúil iomláin ar ghás sa limistéar arna ríomh lá atá éileamh ard urghnách ar ghás ann a bhíonn ann uair sa 20 bliain de réir dóchúlacht staitistiúil. Beidh torthaí fhoirmle N – 1, mar atá ríofa thíos, comhionann, ar a laghad, le 100 %. 2. Modh ríofa fhoirmle N – 1
Na paraiméadair a úsáidfear don ríomh, tabharfar tuairisc shoiléir orthu agus údar soiléir leo. Chun EPm a ríomh, déanfar liosta mionsonraithe de na pointí iontrála agus dá n-acmhainn aonair a sholáthar. 3. Sainmhínithe ar pharaiméadair fhoirmle N – 1 Ciallaíonn “limistéar arna ríomh” limistéar geografach a ríomhtar foirmle N – 1 ina leith, de réir mar a chinnfidh an t-údarás inniúil é.
Ciallaíonn “Dmax ” éileamh laethúil iomlán (in mcm/d) an limistéir arna ríomh lá atá éileamh ard urghnách ar ghás ann a bhíonn ann uair sa 20 bliain de réir dóchúlacht staitistiúil.
“EPm
”: ciallaíonn acmhainn theicniúil na bpointí iontrála (in mcm/d), cé is moite de shaoráidí táirgthe, saoráidí GNL agus saoráidí stórála atá cumhdaithe ag Pm GNLm agus Sm, suim acmhainn theicniúil gach pointe iontrála teorann a bhfuil sé d'acmhainn aige gás a sholáthar don limistéar arna ríomh.
“Pm
”: ciallaíonn acmhainn táirgeachta theicniúil uasta (in mcm/d) suim na n-acmhainní táirgeachta teicniúla uasta laethúla atá ag na saoráidí táirgthe gáis uile agus is féidir a sheachadadh ar na pointí iontrála sa limistéar arna ríomh.
“Sm
”: ciallaíonn inseachadtacht stórála theicniúil uasta (in mcm/d) suim na n-acmhainní aistarraingthe teicniúla uasta laethúla atá ag na saoráidí stórála uile agus is féidir a sheachadadh ar phointí iontrála an limistéir arna ríomh, agus na saintréithe fisiceacha atá acu á gcur san áireamh.
“GNLm
”: ciallaíonn acmhainn theicniúil uasta saoráidí GNL (in mcm/d) suim acmhainní astaithe teicniúla uasta laethúla na saoráidí GNL uile sa limistéar arna ríomh, agus eilimintí criticiúla á gcur san áireamh amhail dí-ualú, seirbhísí coimhdeacha, stóráil shealadach agus athghású GNL chomh maith leis an acmhainn astaithe theicniúil chuig an gcóras.
Ciallaíonn “Im
” acmhainn theicniúil an bhonneagair gáis is mó (in mcm/d) ag a bhfuil an acmhainn is mó gás a sholáthar don limistéar arna ríomh. Nuair atá roinnt bonneagar gáis nasctha le bonneagar gáis réamhtheachtach nó iartheachtach comhchoiteann agus nach féidir iad a oibriú ar leithligh ó chéile, measfar gur aon bhonneagar gáis amháin iad.
4. Foirmle N – 1 a ríomh trí úsáid a bhaint as bearta atá dírithe ar an éileamh
Ciallaíonn “Deff ”an chuid sin (in mcm/d) de Dmax is féidir a chumhdach go leordhóthanach agus go tráthúil i gcás suaitheadh an tsoláthair gáis le bearta margadhbhunaithe atá dírithe ar an éileamh i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 9(1) agus le hAirteagal 5(2). 5. Foirmle N – 1 a ríomh ar leibhéal réigiúnach Déanfar an limistéar ríofa dá dtagraítear i bpointe 3 a leathnú go dtí an leibhéal réigiúnach iomchuí, i gcás inarb infheidhme é, de réir mar a chinnfidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann. Is féidir an ríomh a leathnú go dtí leibhéal réigiúnach an ghrúpa riosca freisin, má thagtar ar chomhaontú ina leith sin le húdaráis inniúla an ghrúpa riosca. Chun foirmle N – 1 a ríomh ar leibhéal réigiúnach, is é an bonneagar gáis comhleasa is mó a úsáidfear. Is é atá sa bhonneagar gáis comhleasa is mó i réigiún an bonneagar gáis is mó sa réigiún sin a chuireann go díreach nó go hindíreach leis an soláthar gáis chuig Ballstáit an réigiúin sin agus déanfar é a shainiú sa mheasúnú riosca. Féadfar ríomh fhoirmle N – 1 ar leibhéal réigiúnach a úsáid in ionad ríomh fhoirmle N – 1 ar an leibhéal náisiúnta i gcás ina mbeidh an bonneagar gáis comhleasa is mó ríthábhachtach do gach Ballstát lena mbaineann, i gcomhréir leis an measúnú riosca comhchoiteann, agus sa chás sin amháin. Ar leibhéal an ghrúpa riosca, i gcás na ríomhanna dá dtagraítear in Airteagal 7(4), is é an bonneagar gáis comhleasa is mó sna grúpaí riosca atá liostaithe in Iarscríbhinn I a úsáidfear. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|