|
+Airteagal 3 2. |
Airteagal 3 2.I gcomhthéacs na Treorach seo, saothróidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile mar aon le BEREC, leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit gach ceann de na cuspóirí ginearálta seo a leanas, nach liostaítear in ord tosaíochta:
(a)
an nascacht agus an rochtain atá ag gach saoránach agus gnó de chuid an Aontais ar líonraí fíor-ardacmhainne, lena n-áirítear líonraí fosaithe, líonraí móibíleacha agus líonraí gan sreang a chur chun cinn;
(b)
iomaíocht a chur chun cinn i soláthar líonra cumarsáide leictreonaí agus saoráidí gaolmhara, lena n-áirítear iomaíocht éifeachtach atá bunaithe ar bhonneagar, agus i soláthar seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus seirbhísí gaolmhara;
(c)
rannchuidiú le forbairt an mhargaidh inmheánaigh ach na bacainní atá fanta a bhaint, ar bacainní iad ar infheistiú agus soláthar líonraí cumarsáide leictreonaí, seirbhísí cumarsáide leictreonaí, saoráidí agus seirbhísí gaolmhara ar fud an Aontais agus éascú a dhéanamh ar dhálaí coinbhéirseacha chuige sin, trí rialacha coiteanna agus cur chuige rialála intuartha a fhorbairt, tús áite a thabhairt d'úsáid chomhordaithe éifeachtach éifeachtúil an speictrim raidió, nuálaíocht oscailte, bunú agus forbairt líonraí tras-Eorpacha, soláthar, infhaighteacht agus idir-inoibritheacht na seirbhísí pan-Eorpacha, agus nascacht inn go hinn;
(d)
leasanna shaoránaigh an Aontais a chur chun cinn, trí nascacht agus infhaighteacht fhorleathan agus úsáid fhorleathan líonraí fíor-ardacmhainne a áirithiú, idir líonraí fosaithe, líonraí móibíleacha agus líonraí gan sreang, chomh maith le nascacht agus infhaighteacht fhorleathan agus úsáid fhorleathan seirbhísí cumarsáide leictreonaí, trí thairbhí uasta a chumasú i dtéarmaí rogha, praghais agus cáilíochta ar bhonn iomaíocht éifeachtach, trí sheirbhísí agus líonraí slándála a chothabháil, trína áirithiú go bhfuil leibhéal comónta ardchosanta ann d'úsáideoirí deiridh trí rialacha earnáilsonracha riachtanacha agus trí dhul i ngleic leis na riachtanais, amhail praghsanna réasúnta, grúpaí sóisialta ar leith, go háirithe úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, úsáideoirí deiridh scothaosta agus úsáideoirí deiridh a bhfuil riachtanais shóisialta speisialta acu, agus trí rogha agus rochtain choibhéiseach a áirithiú d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|