|
+Airteagal 3 4. |
Airteagal 3 4.Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile, agus na cuspóirí beartais dá dtagraítear i mír 2 á saothrú acu, agus a shonraítear sa mhír seo inter alia:
(a)
intuarthacht rialála a chur chun cinn trína áirithiú go mbíonn cur chuige rialála comhréireach ann i gcaitheamh tréimhsí iomchuí athbhreithniúcháin agus trí mheán an chomhair le chéile, le BEREC, le RSPG agus leis an gCoimisiún;
(b)
a áirithiú nach mbeidh aon idirdhealú á dhéanamh sa bhealach ina gcaitear le soláthraithe líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, in imthosca cosúla;
(c)
dlí an Aontais a chur i bhfeidhm ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de a mhéid atá sé i gcomhréir le baint amach chuspóirí mhír 2;
(d)
infheistíocht agus nuálaíocht éifeachtach a chur chun cinn i mbonneagair nua agus i mbonneagair bhreisithe, lena n-áirítear trína áirithiú go gcuirfear san áireamh go hiomchuí in aon oibleagáidí rochtana an riosca a thabhaíonn gnóthais infheistíochta agus trí chead a thabhairt go mbeadh socruithe comhoibritheacha éagsúla ann idir infheisteoirí agus páirtithe atá ag cuardach rochtana chun riosca na hinfheistíochta a éagsúlú, fad is a áirithítear go gcaomhnaítear iomaíocht sa mhargadh agus prionsabal na neamh-idirdhealaitheachta;
(e)
aird chuí a thabhairt ar éagsúlacht na gcoinníollacha a bhaineann le bonneagar, le hiomaíocht, le cúinsí na n-úsáideoirí deiridh agus, go háirithe, na dtomhaltóirí sna limistéir gheografacha éagsúla laistigh de Bhallstát, lena n-áirítear bonneagar áitiúil á bhainistiú ag daoine nádúrtha ar bhonn gan beann ar bhrabús;
(f)
gan oibleagáidí rialála ex ante a fhorchur ach amháin a mhéid is gá chun iomaíocht éifeachtach inbhuanaithe a áirithiú chun leas na n-úsáideoirí deiridh agus na hoibleagáidí sin a mhaolú nó a bhaint a luaithe a chomhlíonfar an coinníoll sin. Áiritheoidh na Ballstáit go ngníomhóidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile go neamhchlaonta, go hoibiachtúil, go trédhearcach agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|