|
+Airteagal 16 1. |
Airteagal 16 1.Maidir le haon mhuirir riaracháin a fhorchuirtear arghnóthais a sholáthraíonn líonra nó seirbhís cumarsáide leictreonaí faoin údarú ginearálta nó ar ghnóthais ar deonaíodh ceart úsáide dóibh:
(a)
san iomlán, ní chumhdófar leis na muirir sin ach na costais riaracháin a thabhaítear i mbainistiú, i rialú agus i bhfeidhmiú an chórais um an údarú ginearálta agus i bhfeidhmiú na gceart úsáide agus na n-oibleagáidí sainiúla dá dtagraítear in Airteagal 13(2), a bhféadfar a bheith ar áireamh ann costais do chomhar idirnáisiúnta, comhchuibhiú agus caighdeánú, anailís sa mhargadh, faireachán ar chomhlíonadh agus rialú eile sa mhargadh, chomh maith le hobair rialála lena ngabhann reachtaíocht thánaisteach agus cinntí riaracháin a ullmhú agus a fhorfheidhmiú, amhail cinntí ar rochtain agus ar idirnascadh; agus
(b)
déanfar iad a fhorchur ar ghnóthais aonair ar bhealach oibiachtúil, trédhearcach agus comhréireach ina n-íoslaghdófar costais bhreise riaracháin agus muirir ghaolmhara. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan muirir riaracháin a chur i bhfeidhm ar ghnóthais a bhfuil a láimhdeachas faoi bhun tairseach áirithe nó nach sroicheann a gcuid gníomhaíochtaí íos-staid sa mhargadh, nó a bhfuil raon feidhme críochach an-teoranta acu. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|