Ach amháin i gcás inar mionleasuithe iad na leasuithe atá á mbeartú, agus inar aontaíodh iad le sealbhóir na gceart nó sealbhóir an údaraithe ghinearálta, tabharfar fógra ar bhealach iomchuí faoin rún chun na leasuithe sin a dhéanamh.Tabharfar tréimhse ama leordhóthanach do pháirtithe leasmhara, lena n-áirítear úsáideoirí agus tomhaltóirí, chun a dtuairimí a chur in iúl maidir leis na leasuithe atá á mbeartú. Ní bheidh an tréimhse sin níos gairide ná ceithre seachtaine ach amháin i gcásanna eisceachtúla.
Foilseofar leasuithe mar aon leis na cúiseanna atá leis.