|
+Airteagal 21 1. |
Airteagal 21 1.Gan dochar d'fhaisnéis ar bith a iarrtar de bhun Airteagal 20 ná do na hoibleagáidí faisnéise agus tuairiscithe faoin dlí náisiúnta seachas an t-údarú ginearálta, féadfaidh údaráis rialála agus údaráis inniúla eile a cheangal ar ghnóthais faisnéis a sholáthar maidir leis an údarú ginearálta, na cearta úsáide nó oibleagáidí sainiúla dá dtagraítear in Airteagal 13(2), ar faisnéis í atá comhréireach agus a bhfuil údar léi chun na gcríoch seo a leanas go háirithe:
(a)
fíorú córasach nó fíorú ar bhonn cás ar chás go gcomhlíontar coinníoll 1 de Chuid A, coinníoll 2 agus coinníoll 6 de Chuid D agus coinníoll 2 agus coinníoll 7 de Chuid E d'Iarscríbhinn I agus fíorú go gcomhlíontar na n-oibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 13(2);
(b)
fíorú ar bhonn cás ar chás go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I i gcás ina bhfuarthas gearán nó i gcás ina bhfuil cúiseanna eile ag an údarás inniúil lena chreidiúint nach bhfuil an coinníoll á chomhlíonadh nó i gcás imscrúdú ag an údarás inniúil ar a thionscnamh féin;
(c)
nósanna imeachta a chur i gcrích chun iarrataí ar chearta úsáide a dheonú, agus chun na hiarrataí sin a mheasúnú;
(d)
forléargais chomparáideacha ar chaighdeán agus ar chostas seirbhísí a fhoilsiú chun leasa tomhaltóirí;
(e)
staidrimh, tuarascálacha nó staidéar, arna sainiú go soiléir a chomhthiomsú;
(f)
anailís ar an margadh a chur i gcrích chun críocha na Treorach seo, lena n-áirítear sonraí faoi na margaí iartheachtacha nó na margaí miondíola atá gaolmhar nó bainteach leis na margaí atá faoi réir na hanailíse ar an margadh;
(g)
úsáid éifeachtúil a chaomhnú agus bainistiú éifeachtach a áirithiú maidir le speictream raidió agus acmhainní uimhriúcháin;
(h)
measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí líonraí nó seirbhísí amach anseo a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar sheirbhísí mórdhíola a chuirtear ar fáil d'iomaitheoirí, ar an gcumhdach críochach, ar an idirnascadh a bheidh ar fáil d'úsáideoirí deiridh nó ar limistéir a ainmniú de bhun Airteagal 22;
(i)
suirbhéanna geografacha a dhéanamh;
(j)
freagra a thabhairt ar iarrataí réasúnaithe ar fhaisnéis ó BEREC. Ní theastóidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) agus (d) go (j) den chéad fhomhír, sula bhfaightear rochtain ar an margadh ná mar réamhchoinníoll leis an rochtain sin. Féadfaidh BEREC teimpléad a fhorbairt le haghaidh iarrataí ar fhaisnéis i gcás inar gá sin ionas gur féidir an fhaisnéis a fhaightear a chur i láthair ar bhealach comhdhlúite agus ionas gur féidir anailís a dhéanamh uirthi ar bhealach comhdhlúite freisin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|