Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a n-údaráis inniúla ábhartha faireachán agus maoirseacht ar choinníollacha an údaraithe ghinearálta nó na gceart úsáide do speictream raidió agus d'acmhainní uimhrithe, ar na hoibleagáidí sainiúla dá dtagraítear in Airteagal 13(2), agus ar an oibleagáid maidir le speictream raidió a úsáid go héifeachtach agus go héifeachtúil, a bheith á gcomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 4, Airteagal 45(1) agus Airteagal 47.
Beidh an chumhacht ag na húdaráis inniúla a cheangal ar ghnóthais a thagann faoi réir an údaraithe ghinearálta nó a bhaineann tairbhe as cearta úsáide do speictream raidió nó d'acmhainní uimhrithe an fhaisnéis ar fad is gá chun a fhíorú go gcomhlíontar coinníollacha an údaraithe ghinearálta nó na gceart úsáide do speictream raidió nó d'acmhainní uimhrithe, nó na n-oibleagáidí sainiúla dá dtagraítear in Airteagal 13(2) nó Airteagal 47, i gcomhréir le hAirteagal 21.