+Airteagal 32 Margadh inmheánach na cumarsáide leictreonaí a chomhdhlúthú
---+Airteagal 32 1.
---+Airteagal 32 2.
---+Airteagal 32 3.
---+Airteagal 32 4.
---+Airteagal 32 5.
---+Airteagal 32 6.
---+Airteagal 32 7.
---+Airteagal 32 8.
---+Airteagal 32 9.
---+Airteagal 32 10.
---+Airteagal 32 11.
|
Airteagal 32 Margadh inmheánach na cumarsáide leictreonaí a chomhdhlúthú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 32 1.
|
Agus a gcúraimí faoin Treoir seo á ndéanamh acu, tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta lánaird ar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3.
|
|
Airteagal 32 2.
|
Rannchuideoidh na húdaráis rialála náisiúnta le forbairt an mhargaidh inmheánaigh trí oibriú le chéile agus leis an gCoimisiún agus le BEREC ar bhealach trédhearcach lena áirithiú go gcuirfear an Treoir seo i bhfeidhm go comhsheasmhach i ngach Ballstát. Chun na críche sin, oibreoidh siad go háirithe leis an gCoimisiún agus le BEREC chun na cineálacha ionstraimí agus réiteach is oiriúnaí a shainiú chun aghaidh a thabhairt ar chineálacha áirithe staideanna sa mhargadh.
|
|
Airteagal 32 3.
|
Ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt i moltaí nó i dtreoirlínte a ghlactar de bhun Airteagal 34 ar chríochnú an chomhairliúcháin phoiblí, más riachtanach faoi Airteagal 23, i gcás ina bhfuil rún ag údarás rialála náisiúnta beart a dhéanamh ar beart é:
(a)
a thagann faoi réir raon feidhme Airteagail 61, 64 67, 68 nó 83; agus
(b)
a mbeadh tionchar aige ar thrádáil idir na Ballstáit,
foilseoidh sé an dréachtbheart agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin é, faoi bhráid BEREC agus faoi bhráid na n-údarás rialála náisiúnta i mBallstáit eile, an tráth céanna, luafar na cúiseanna leis an mbeart a thabhairt, i gcomhréir le hAirteagal 20(3). Ní fhéadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta, BEREC agus an Coimisiún barúlacha a thabhairt ar an dréachtbheart laistigh d'aon mhí amháin. Ní chuirfear síneadh leis an tréimhse míosa.
|
|
Airteagal 32 4.
|
Ní ghlacfar an dréachtbheart dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo go ceann dhá mhí eile i gcás ina bhfuil an méid seo a leanas mar aidhm ag an mbeart sin:
(a)
margadh ábhartha a shainiú atá éagsúil ó na margaí a shainítear sa mholadh dá dtagraítear in Airteagal 64(1); nó
▼C1
(b)
a chinneadh gnóthas a ainmniú nó gan a ainmniú, go leithleach nó i gcomhpháirt le gnóthais eile, mar ghnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige, faoi Airteagal 67(3) nó (4);
▼B
agus an ndéanfadh sé difear do thrádáil idir Ballstáit, agus chuir an Coimisiún in iúl don údarás rialála náisiúnta go measann sé go gcruthófaí bac don mhargadh inmheánach leis an dréachtbheart sin nó má tá amhras dáiríre air maidir lena chomhoiriúnacht le dlí an Aontais agus go háirithe leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3. Ní fhéadfar síneadh a chur leis an tréimhse dhá mhí sin. Sa chás sin, cuirfidh an Coimisiún BEREC agus na húdaráis rialála náisiúnta ar an eolas faoina fhorchoimeádais agus cuirfidh siad na forchoimeádais ar fáil don phobal an tráth céanna.
|
|
Airteagal 32 5.
|
Foilseoidh BEREC tuairim maidir le forchoimeádais an Choimisiúin dá dtagraítear i mír 4, ina gcuirfear in iúl an measann sé ar cheart an dréachtbheart a choinneáil, é a leasú nó a tharraingt siar agus, i gcás inarb iomchuí, tabharfaidh sé moltaí ar leith chun na críche sin.
|
|
Airteagal 32 6.
|
Le linn na tréimhse dhá mhí dá dtagraítear i mír 4, féadfaidh an Coimisiún:
(a)
cinneadh a ghlacadh lena gceanglófar ar an údarás rialála náisiúnta lena mbaineann an dréachtbheart a tharraingt siar; nó
(b)
cinneadh a ghlacadh a fhorchoimeádais a tharraingt siar dá dtagraítear i mír 4.
Tabharfaidh an Coimisiún lánaird ar thuairim BEREC sula nglacfaidh sé an cinneadh.
Beidh anailís mhionsonraithe agus oibiachtúil ar na cúiseanna dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír a bhfuil an Coimisiún den tuairim nach bhfuiltear chun an dréachtbheart a ghlacadh ag gabháil leis an gcinneadh, maille le tograí sonracha chun é a leasú.
|
|
Airteagal 32 7.
|
I gcás ina bhfuil cinneadh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír de mhír 6 den Airteagal seo, ar cinneadh é lena gceanglaítear ar an údarás rialála náisiúnta dréachtbheart a tharraingt siar, déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta an dréachtbheart a leasú nó a tharraingt siar laistigh de sé mhí ó dháta chinneadh an Choimisiúin. I gcás ina bhfuil an dréachtbheart leasaithe, rachaidh an t-údarás rialála náisiúnta i mbun comhairliúchán poiblí i gcomhréir lehAirteagal 23, agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoin dréachtbheart leasaithe i gcomhréir leis an Airteagal seo.
|
|
Airteagal 32 8.
|
Tabharfaidh an t-údarás rialála náisiúnta lena mbaineann lánaird ar bharúlacha ó údaráis rialála náisiúnta eile, ó BEREC agus ón gCoimisiúin agus féadfaidh sé, ach amháin i gcásanna a chumhdaítear le mír 4 agus le pointe (a) de mhír 6, an dréachtbheart a thig as sin a ghlacadh, agus sa chás ina ndéanfaidh sé amhlaidh, cuirfidh sé fógra ina thaobh chuig an gCoimisiún.
|
|
Airteagal 32 9.
|
Maidir leis na bearta críochnaitheacha ar fad arna nglacadh a thagann faoi phointe (a) agus faoi phointe (b) de mhír 3, cuirfidh an t-údarás rialála náisiúnta na bearta sin in iúl don Choimisiún.
|
|
Airteagal 32 10.
|
I gcásanna eisceachtúla ina measann údarás rialála náisiúnta go bhfuil géarghá le dul i mbun gnímh chun iomaíocht a chaomhnú nó chun cearta na n-úsáideoirí deiridh a chosaint, féadfaidh sé bearta comhréireacha agus sealadacha a ghlacadh láithreach, de mhaolú ar na nósanna imeachta a leagtar amach i mír 3 agus i mír 4. Cuirfidh sé na bearta sin in iúl don Choimisiún, do na húdaráis rialála náisiúnta eile agus do BEREC gan mhoill, agus beidh na cúiseanna iomlána ag gabháil leis na bearta sin. Aon chinneadh ón údarás rialála náisiúnta na bearta sin a bhuanú nó síneadh a chur leis an tréimhse faoina mbeidh siad infheidhme, beidh an cinneadh sin faoi réir mhír 3 agus mhír 4.
|
|
Airteagal 32 11.
|
Is ceadmhach d'údarás rialála náisiúnta dréachtbheart a tharraingt siar tráth ar bith.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L1972
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|