I gcás ina mbíonn sé ar intinn ag an údarás rialála náisiúnta nó ag údarás inniúil eile dul i mbun nós imeachta roghnúcháin i gcomhréir le hAirteagal 55(2) i dtaca le speictrim raidió ar ina leith a dhéantar na coinníollacha comhchuibhithe teicniúla a bhunú i mbearta cur chun feidhme teicniúla i gocmhréir le Cinneadh Uimh. 676/2002/CE ionas gur féidir a úsáid le haghaidh líonraí agus seirbhísí leathanbhanda gan sreang a éascú ina leith, tabharfaidh sé fógra, de bhun Airteagal 23, do RSPG faoi dhréachtbheart ar bith a thagann faoi raon feidhme an nós imeachta roghnúcháin comparáideach nó iomaíoch de bhun Airteagal 55(2) agus sonróidh sé cibé acu atá nó nach bhfuil sé ag iarraidh ar RSPG Fóram Athbhreithnithe Piaraí a chomóradh agus, má tá, cén uair.
Arna iarraidh sin dó, eagróidh RSPG Fóram Athbhreithnithe Piaraí chun na dréachtbhearta a phlé agus chun tuairimí ina leith a chomhroinnt agus éascóidh sé an malartú dea-chleachtais agus an malartú taithí maidir leis na dréachtbhearta sin.
Is iad a bheidh ar an bhFóram Athbhreithnithe Piaraí comhaltaí de RSPG, agus is ionadaí de chuid RSPG a eagróidh an fóram agus a dhéanfaidh cathaoirleacht air.