|
+Airteagal 38 3. |
Airteagal 38 3.Ní chuirfear ach sainaithint cur chuige comhchuibhithe nó comhordaithe san áireamh sna cinntí arna nglacadh de bhun mhír 1 chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna seo a leanas:
(a)
cur chun feidhme neamhréireach na gcur chuige rialála ginearálta ag na húdaráis rialála náisiúnta maidir le rialáil margaí cumarsáide leictreonaí i gcur i bhfeidhm Airteagal 64 agus Airteagal 67, i gcás ina gcruthaíonn an cur chun feidhme neamhréireach sin bac don mhargadh inmheánach. Ní dhéanfar tagairt sna cinntí sin d'fhógraí ar leith arna n-eisiúint ag na húdaráis rialála náisiúnta de bhun Airteagal 32, i gcás den sórt sin, ní mholfaidh an Coimisiún dréachtchinnedh ach amháin:
(i)
tar éis dhá bhliain ar a laghad ó ghlacadh cinneadh ón gCoimisiún maidir leis an gceist chéanna, agus
(ii)
agus lánaird á tabhairt ar aon tuairim ó BEREC faoin gcás maidir le cinneadh den sórt sin a ghlacadh, tuairim a chuirfidh BEREC ar fáil laistigh de thrí mhí ón iarraidh a fháil ón gCoimisiún;
(b)
uimhriú, lena n-airítear raonta uimhreacha, inaistritheacht uimhreacha agus aitheantóirí, córais aistrithe uimhreacha agus seoltaí, agus rochtain ar sheirbhísí éigeandála trí uimhir aonair éigeandála Eorpach “112”. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|