Mura mbeidh moladh nó cinneadh glactha ag an gCoimisiún laistigh d'aon bhliain amháin ón dáta a nglacfaidh BEREC tuairim ina léirítear éagsúlachtaí i gcur chun feidhme na gcúraimí rialála a shonraítear sa Treoir seo ag na húdaráis rialála náisiúnta nó ag na húdaráis inniúla, a chruthódh bac don mhargadh inmheánach, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi na cúiseanna nach ndearna sé amhlaidh, agus fógróidh sé na cúiseanna sin go poiblí.
I gcás ina nglacann an Coimisiún moladh i gcomhréir le mír 1 ach go leanann an cur chun feidhme díréireach, a chruthaíonn bac don margadh inmheánach, go ceann dhá bhliain eile ina dhiaidh sin, glacfaidh an Coimisiún cinneadh i gcomhréir le mír 3, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun mhír 4.
Mura mbeidh cinneadh glactha ag an gCoimisiún bliain eile tar éis aon mholta a ghlactar de bhun an dara fomhír, tabharfaidh sé fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi na cúiseanna nach ndearna sé amhlaidh, agus fógróidh sé na cúiseanna sin go poiblí.