|
+Airteagal 43 1. |
Airteagal 43 1.Áirtheoidh na Ballstáit i gcás ina ndéanfaidh údarás inniúil iarratas ar dheonú ceart úsáide a mheas:
—
saoráidí a shuiteáil ar mhaoin phríobháideach nó phoiblí, os cionn maoin phríobháideach nó phoiblí nó faoina bun do ghnóthas údaraithe chun líonraí cumarsáide lecitreonaí poiblí a sholáthar, nó
—
saoráidí a shuiteáil ar mhaoin phríobháideach nó phoiblí os cionn maoin phríobháideach nó phoiblí nó faoina bun do ghnóthas údaraithe chun líonraí cumarsáide a sholáthar nach líonraí don phobal iad,
áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an t-údarás inniúil sin:
(a)
gníomhú ar bhonn nósanna imeachta simplí, éifeachtúla, trédhearcacha agus a bhfuil fáil poiblí orthu, arna gcur i bhfeidhm gan idirdhealú agus gan mhoill, agus ar aon chaoi, a chinneadh a dhéanamh laistigh de shé mhí ón iarratas a fháil, ach amháin i gcás díshealbhaithe, agus
(b)
prionsabail na trédhearcachta agus an neamh-idirdhealaithe a leanúint agus coinníollacha á gceangal acu leis na cearta sin. Féadann na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) a bheith éagsúil ag brath ar an bhfuil líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí á soláthar ag an iarratasóir nó nach bhfuil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|