|
+Airteagal 44 1. |
Airteagal 44 1.I gcás inar fheidhmigh oibreoir an ceart faoin dlí náisiúnta saoráidí a shuiteáil ar mhaoin phoiblí nó phríobháideach os cionn maoin phoiblí nó phríobháideach nó faoi bhun na maoine sin, nó inar bhain sé sochar as nós imeachta chun maoin a dhíshealbhú nó a úsáid, féadfaidh na húdaráis inniúla comhshuíomh agus comhroinnt na n-eilimintí líonra agus saoráidí gaolmhara arna suiteáil ar an mbonn sin a fhorchur, chun an comhshaol, sláinte phoiblí agus slándáil phoiblí a chosaint nó chun cuspóirí pleanála baile agus tuaithe a bhaint amach. Ní fhéadfar comhshuíomh agus comhroinnt maoine, eilimintí líonra, agus saoráidí gaolmhara arna suiteáil a fhorchur ach amháin tar éis tréimhse iomchuí de chomhairliúchán poiblí, tréimhse ina dtabharfar deis do gach páirtí leasmhar a thuairimí a chur in iúl, agus ach amháin sna limistéir ar leith ina meastar go bhfuil gá leis an gcomhroinnt sin chun na cuspóirí dá bhforáiltear sa chéad fhomhír a bhaint amach. Féadfaidh údaráis inniúla comhroinnt na saoráidí nó na maoine sin a fhorchur, lena n-áirítear talamh, foirgnimh, bealaí isteach chuig foirgnimh, sreangú foirgneamh, crainn, aeróga, túir agus struchtúir tacaíochta eile, duchta, seolphíobáin, dúnphoill agus caibinéid nó bearta a éascaíonn comhordú oibreacha poiblí. I gcás inar gá, féadfaidh Ballstát údarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile a ainmniú le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na cúraimí seo a leanas:
(a)
chun comhordú a dhéanamh ar an bpróiseas dá bhforáiltear san Airteagal seo,
(b)
chun gníomhú mar phointe faisnéise
(c)
chun rialacha a leagan síos maidir le cionroinnt na gcostas a bhaineann le comhroinnt saoráide nó maoine nó le comhordú oibreacha sibhialta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|