Cuirfidh na húdaráis inniúla coinníollacha mar cheangal ar chearta aonair úsáide do speictream raidió i gcomhréir le hAirteagal 13(1) ionas go n-áiritheofar go mbainfear an úsáid is fearr, is éifeachtaí agus is éifeachtúla as speictream raidió. Roimh shannadh nó athnuachan ceart den sórt sin, bunóidh siad go soiléir aon choinníollacha den sórt sin lena n-áirítear an leibhéal úsáide a cheanglaítear, agus an fhéidearthacht an ceanglas sin a chomhlíonadh trí trádáil nó léasú chun cur chun feidhme na gcoinníollacha sin a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 30. Ní bheidh buntáistí míchuí ann do shealbhóirí reatha na gceart sin de bharr na gcoinníollacha arna gceangal le hathnuachan cirt úsáide do speictrim raidió.
Sonrófar na paraiméadair infheidhme i gcoinníollacha mar sin, lena n-áirítear an tréimhse ina mbainfear úsáid as na cearta, agus más rud é nach gcomhlíonfar na paraiméadair sin, bheadh an t-údarás inniúil i dteideal an ceart úsáide a aistarraingt nó bearta eile a fhorchur.
Rachaidh na húdaráis inniúla i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus cuirfidh siad ar an eolas ar bhealach tráthúil agus trédhearcach iad maidir leis na coinníollacha a bhaineann le cearta úsáide aonair sula bhforchuirfear iad. Cinnfidh siad na critéir chun measúnú a dhéanamh ar an méid a chomhlíontar na coinníollacha sin roimh ré agus cuirfidh siad in iúl iad do na páirtithe leasmhara ar bhealach trédhearcach.