+Airteagal 55 Nós imeachta maidir le teorainn a chur le líon na gceart úsáide do speictream raidió atá le deonú
---+Airteagal 55 1.
---+Airteagal 55 2.
---+Airteagal 55 3.
---+Airteagal 55 4.
---+Airteagal 55 5.
---+Airteagal 55 6.
---+Airteagal 55 7.
---+Airteagal 55 8.
|
Airteagal 55 Nós imeachta maidir le teorainn a chur le líon na gceart úsáide do speictream raidió atá le deonú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 55 1.
|
Gan dochar d'Airteagal 53, i gcás ina gcinnfidh Ballstát nach féidir ceart úsáide do speictream raidió faoi réir údarú ginearálta agus i gcás ina mbreithneoidh sé cé acu a chuirfear nó nach gcuirfear teorainn le líon na gceart úsáide do speictream raidió atá le deonú, déanfaidh sé an méid seo a leanas inter alia:
(a)
luafaidh sé go soiléir na cúiseanna atá le teorainn a chur le líon na gceart úsáide, go háirithe trí bhéim iomchuí a chur ar an ngá atá ann buntáistí d'úsáideoirí a fheabhsú agus le forbairt na hiomaíochta a chur chun cinn agus le hathbhreithniú a dhéanamh go tráthrialta de réir mar is iomchuí nó arna iarraidh sin ag gnóthais lena mbaineann ar bhealach réasúnach;
(b)
tabharfaidh sé deis do gach páirtí leasmhar, lena n-áirítear úsáideoirí agus tomhaltóirí, a dtuairimí maidir le haon teorannú a chur in iúl trí chomhairliúchán poiblí i gcomhréir le hAirteagal 23.
|
|
Airteagal 55 2.
|
I gcás ina gcinnfidh Ballstát nach mór teorainn a chur le líon na gceart úsáide, bunóidh sé go soiléir na cuspóirí arna saothrú trí bhíthin an nós imeachta roghnúcháin iomaíoch nó comparáideach faoin Airteagal seo, tabharfaidh sé cúiseanna leis na cuspóirí sin, agus déanfaidh sé iad a chainníochtú, i gcás inar féidir sin, agus béim chuí á cur aige ar an ngá atá ann cuspóirí margaidh náisiúnta agus idirnáisiúnta a chomhlíonadh. De bhreis ar an iomaíocht a chur chun cinn, beidh na cuspóirí a fhéadfaidh na Ballstáit a leagan amach d'fhonn an nós imeachta roghnúcháin a dhearadh teoranta do cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:
(a)
cumhdach a chur chun cinn;
(b)
an cháilíocht seirbhíse is gá a áirithiú;
(c)
úsáid éifeachtúil an speictrim raidió a chur chun cinn, lena n-áirítear trí choinníollacha a ghabhann leis na cearta úsáide agus leibhéal na dtáillí a chur san áireamh;
(d)
nuálaíocht agus forbairt gnó a chur chun cinn.
Déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile roghnú an nós imeachta roghnúcháin, lena n-áirítear aon réamhchéim chun rochtain a fháil ar an nós imeachta roghnúcháin, a shainiú go soiléir agus tabharfaidh sé bonn cirt leis an roghnú sin. Luafaidh sé go soiléir freisin toradh aon mheasúnaithe ghaolmhair ar staid iomaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch an mhargaidh agus cuirfidh sé cúiseanna ar fáil le haghaidh úsáid fhéideartha na mbeart de bhun Airteagal 35 agus le haghaidh roghnú na mbeart sin.
|
|
Airteagal 55 3.
|
Foilseoidh na Ballstáit aon chinneadh ar an nós imeachta a roghnaíodh agus ar na rialacha gaolmhara, agus luafaidh siad go soiléir na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin. Foilseoidh sé freisin na coinníollacha atá i gceangal leis na cearta úsáide.
|
|
Airteagal 55 4.
|
Tar éis don Bhallstát an nós imeachta roghnúcháin a chinneadh, cuirfidh sé fáilte roimh iarratais ar chearta úsáide.
|
|
Airteagal 55 5.
|
I gcás ina gcinnfidh Ballstát gur féidir tuilleadh ceart úsáide do speictream raidió nó teaglaim d'údarú ginearálta agus ceart úsáide aonair a dheonú, foilseoidh sé an chonclúid sin agus cuirfidh sé tús leis an bpróiseas chun na cearta sin a dheonú.
|
|
Airteagal 55 6.
|
I gcás inar gá teorainn a chur le deonú ceart úsáide do speictream raidió, deonóidh na Ballstáit na cearta sin ar bhonn critéir roghnúcháin agus nós imeachta roghnúcháin atá oibiachtúil, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach. Cuirfear aird chuí le haon nós imeachta roghnúcháin den sórt sin ar chuspóirí agus ceanglais Airteagail 3, 4, 28 agus 45 a bhaint amach.
|
|
Airteagal 55 7.
|
I gcás ina bhfuil nósanna imeachta roghnúcháin iomaíocha nó inchomparáide le húsáid, féadfaidh na Ballstáit síneadh chomh fada is gá a chur leis an uastréimhse sé seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 46 chun a áirithiú go bhfuil na nósanna imeachta sin cothrom, réasúnta, oscailte agus trédhearcach do na páirtithe leasmhara ar fad, ach go ceann tréimhse nach faide ná ocht mí, faoi réir aon amchláir ar leith arna bhunú de bhun Airteagal 53.
Beidh na teorainneacha ama sin gan dochar d'aon chomhaontú idirnáisiúnta infheidhme maidir le húsáid speictrim raidió nó le comhordú satailítí.
|
|
Airteagal 55 8.
|
Ní dochar é an tAirteagal seo d'aistriú ceart úsáide do speictream raidió i gcomhréir le hAirteagal 51.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L1972
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|