+Airteagal 57 Úsáid agus oibriú pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu
---+Airteagal 57 1.
---+Airteagal 57 2.
---+Airteagal 57 3.
---+Airteagal 57 4.
---+Airteagal 57 5.
|
Airteagal 57 Úsáid agus oibriú pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 57 1.
|
Ní chuirfidh na húdaráis inniúla srian míchuí ar oibriú pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu. Féachfaidh na Ballstáit lena áirithiú go mbeidh aon riail lena rialaítear úsáid pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu comhsheasmhach ar bhonn náisiúnta. Foilseofar na rialacha sin roimh theacht i bhfeidhm na rialacha sin.
Go háirithe, ní chuirfidh na húdaráis inniúla úsáid na bpointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu a chomhlíonann na saintréithe a leagtar síos de bhun mhír 2 faoi réir aon chead aonair pleanála baile nó faoi réir réamhcheadanna aonair eile.
De mhaolú ar an dara fomhír den mhír seo, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal go mbeidh gá le ceadanna d'úsáid na bpointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu ar fhoirgnimh nó ar láithreáin a bhfuil luach ailtireachta, stairiúil nó nádúrtha ag gabháil leo, a dtugtar cosaint dóibh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó, i gcás inarb gá, ar mhaithe leis an tsábháilteacht phoiblí. Beidh feidhm ag Airteagal 7 de Threoir 2014/61/AE maidir leis na ceadanna sin a dheonú.
|
|
Airteagal 57 2.
|
Sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na saintréithe fisiciúla agus teicniúla amhail uasmhéid, meáchan, agus i gcás inarb iomchuí, cumhacht astaíochta pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(4).
Glacfar an chéad gníomh cur chun feidhme sin faoin 30 Meitheamh 2020.
|
|
Airteagal 57 3.
|
Ní dochar é an tAirteagal seo do na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos i dTreoir 2014/53/AE ná don réimeas údaraithe is infheidhme maidir le húsáid an speictrim raidió is ábhartha.
|
|
Airteagal 57 4.
|
Áiritheoidh na Ballstáit, agus na nósanna imeachta a glacadh i gcomhréir le Treoir 2014/61/AE á gcur i bhfeidhm acu, nuair is ábhartha, go mbeidh an ceart chun rochtana ag oibreoirí ar aon bhonneagar fisiciúil a ndéanann na húdaráis phoiblí náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla a rialú, atá oiriúnach ó thaobh na teicneolaíochta de chun pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu a óstáil nó atá riachtanach chun pointí rochtana den chineál sin a nascadh le líonra láir, lena n-áirítear troscán sráide amhail cuaillí solais, soilse tráchta, cláir fógraí, stadanna bus agus trambhealaí agus stáisiúin meitreo. Comhlíonfaidh na húdaráis phoiblí na hiarrataí cuí-réasúnaithe uile ar rochtain ar théarmaí agus ar choinníollacha cothroma, réasúnacha, trédhearcach agus neamh-idirdhealaithe, cuirfear ar fail é go poiblí ag pointe aonair faisnéise.
|
|
Airteagal 57 5.
|
Gan dochar d'aon chomhaontuithe tráchtála, ní bheidh úsáid pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu faoi réir aon táillí nó aon mhuirir seachas an muirir riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 16.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L1972
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|