+Airteagal 64 Nós imeachta chun margaí a shainaithint agus a shainiú
---+Airteagal 64 1.
---+Airteagal 64 2.
---+Airteagal 64 3.
|
Airteagal 64 Nós imeachta chun margaí a shainaithint agus a shainiú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 64 1.
|
Tar éis dul i mbun comhairliúchán poiblí leis na húdaráis rialála náisiúnta san áireamh agus lánaird á tabhairt ar thuairim BEREC, glacfaidh an Coimisiún Moladh maidir leis na Margaí Ábhartha Táirgí agus Seirbhísí ('an Moladh'). Sainaithneofar leis an Moladh na margaí táirgí agus seirbhísí sin laistigh den earnáil chumarsáide leictreonaí a bhféadfadh a saintréithe a bheith de chineál a dhéanfaidh forchur na n-oibleagáidí rialála a leagtar amach sa Treoir seo a dhlisteanú, gan dochar do mhargaí a fhéadfar a shainiú i gcásanna sonracha faoi dhlí na hiomaíochta. Déanfaidh an Coimisiún margaí a shainiú i gcomhréir le prionsabail dhlí na hiomaíochta.
Cuirfidh an Coimisiún margaí táirgí agus seirbhísí san áireamh sa Mholadh más rud é, tar éis dóibh faire a dhéanamh ar threochtaí san Aontas, go bhfionnann sé go bhfuil gach ceann de na trí chritéir a liostaítear in Airteagal 67(1) á gcomhlíonadh.
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Moladh sin faoin 21 Nollaig agus go rialta dá éis sin.
|
|
Airteagal 64 2.
|
Tar éis dul i gcomhairle le BEREC, foilseoidh an Coimisiún treoirlínte d'anailís mhargaidh agus don mheasúnú ar chumhacht shuntasach sa mhargadh ('na treoirlínte CMS'), a bheidh i gcomhréir le prionsabail ábhartha dhlí na hiomaíochta. Áireoidh an CMS treoir do na húdaráis rialála náisiúnta maidir le coincheap na cumhachta suntasaí sa mhargadh a fheidhmiú i gcomhthéacs sonrach rialáil ex ante margaí cumarsáide leictreonaí, agus na trí chritéir a liostaítear in Airteagal 67(1) san áireamh.
|
|
Airteagal 64 3.
|
Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta, agus lánaird á tabhairt acu ar an Moladh agus ar na treoirlínte CMS, na margaí ábhartha a shainiú is iomchuí do dhálaí náisiúnta, go háirithe margaí geografacha ábhartha laistigh dá gcríoch trí aird a thabhairt inter alia ar oiread na hiomaíochta atá ann ó thaobh an bhonneagair de sna réimsí sin, i gcomhréir le prionsabail dhlí na hiomaíochta. Ina theannta sin, cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta, nuair is ábhartha, torthaí an tsuirbhé gheografaigh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 22(1) san áireamh. Leanfaidh siad na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23 agus in Airteagal 32 sula ndéanfar na margaí atá éagsúil ó na margaí a aithnítear sa Mholadh a shainiú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L1972
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|