|
+Airteagal 67 1. |
Airteagal 67 1.Cinnfidh na húdaráis rialála náisiúnta an bhfuil margadh ábhartha a sainíodh i gcomhréir le hAirteagal 64(3) ina mhargadh den chineál a thabharfadh bonn cirt leis na hoibleagáidí rialála, a leagtar amach sa Treoir seo, a fhorchur air. Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar anailís, nuair is iomchuí, i gcomhar leis na húdaráis iomaíochta náisiúnta. Tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta lánaird ar threoirlínte CMS agus leanfaidh siad na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23 agus in Airteagal 32 nuair a bheidh anailís den sórt sin á déanamh acu. Féadfar margadh a bheith ina mhargadh den chineál chun bonn cirt a thabhairt le forchur na n-oibleagáidí rialála a leagtar amach sa Treoir seo má chomhlíontar na critéir seo ar fad a leanas:
(a)
go bhfuil bacainní struchtúracha, dlíthiúla nó rialála ar iontráil ann atá ard agus nach bhfuil neamhbhuan;
(b)
gur ann do struchtúr margaidh nach gnách dó cur le hiomaíocht éifeachtach laistigh den spriocdháta ábhartha, ag féachaint do chúrsaí iomaíochta atá bunaithe ar an mbonneagar agus ar fhoinsí iomaíochta eile taobh thiar de na bacainní ar iontráil;
(c)
nach leor dlí na hiomaíochta amháin chun aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar an teip/na teipeanna a sainaithníodh sa mhargadh. Nuair a dhéanann údarás rialála náisiúnta anailís ar mhargadh atá san áireamh sa Mholadh, breithneoidh sé gur comhlíonadh pointe (a), pointe (b) agus pointe (c) den dara fomhír, mura gcinneann an t-údarás rialála náisiúnta nach gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na critéir sin sna himthosca sonracha náisiúnta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|