|
+Airteagal 67 2. |
Airteagal 67 2.I gcás ina ndéanfaidh údarás rialála náisiúnta an anailís a cheanglaítear le mír 1, breithneoidh sé forbairtí ó dhearcadh réamhbhreathnaitheach in éagmais rialachán arna fhorchur ar bhonn an Airteagail seo sa mhargadh ábhartha, agus na nithe seo ar fad a leanas á gcur san áireamh:
(a)
forbairtí margaidh a dhéanann dochar don dóchúlacht go mbogfaidh an margadh ábhartha i dtreo iomaíocht éifeachtúil;
(b)
gach srian ábhartha ar iomaíocht, ar leibhéal mhórdhíola agus mhiondíola, beag beann ar cibé acu a mheastar foinsí na srianta sin a bheith ina líonraí cumarsáide leictreonaí, ina seirbhísí cumarsáide leictreonaí, nó ina gcineálacha eile seirbhísí nó feidhmchlár ar féidir iad a chur i gcomórtas le chéile ó dhearcadh an úsáideora deiridh, agus beag beann ar na srianta sin a bheith mar chuid den mhargadh ábhartha nó gan a bheith mar chuid den mhargadh ábhartha;
(c)
cineálacha eile rialála nó de bhearta arna bhforchur ar an margadh ábhartha nó ar an margadh miondíola gaolmhar nó ar na margaí miondíola gaolmhara agus a dhéanann difear dóibh ar feadh na tréimhse ábhartha, lena n-áirítear, gan teorainn, oibleagáidí a fhorchuirtear i gcomhréir le hAirteagal 44, le hAirteagal 60 agus le hAirteagal 61;
(d)
rialáil arna fhorchur ar mhargaí ábhartha eile ar bhonn an Airteagail seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|