I gcás ina bhfionnfaidh údarás rialála náisiúnta nach bhféadfar margadh ábhartha a bheith amhlaidh chun forchur oibleagáidí rialála a dhlisteanú i gcomhréir leis an nós imeachta i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo, nó i gcás nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo á gcomhlíonadh, ní dhéanfaidh sé aon oibleagáidí rialála sonracha a fhorchur ná a chothabháil i gcomhréir le hAirteagal 68. I gcásanna ina bhfuil oibleagáidí rialála earnáilsonracha forchurtha cheana i gcomhréir le hAirteagal 68, tarraingeoidh sé siar na hoibleagáidí sin atá curtha ar ghnóthais sa mhargadh ábhartha sin.
Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a áirithiú go bhfaighidh páirtithe a ndéanann tarraingt siar na n-oibleagáidí sin difear dóibh tréimhse fógra iomchuí, ar tréimhse í a bheidh sainithe trí chothromaíocht bhaint amach idir an gá a riachtanaí atá sé idirthréimhse inbhuanaithe a bheith ann do thairbhithe na n-oibleagáidí sin agus do na húsáideoirí deiridh, roghanna an úsáideora deiridh, agus nach leanfar leis an rialachán sin thar a bhfuil riachtanach. Agus an tréimhse fógra sin á socrú acu, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta coinníollacha sonracha agus tréimhsí fógra sonracha a chinneadh i ndáil le comhaontuithe rochtana atá ann cheana.