Féadfaidh údarás rialála náisiúnta, i gcomhréir le forálacha Airteagal 68, oibleagáidí do dheighilt cuntasaíochta a fhorchur i ndáil le gníomhaíochtaí sonraithe maidir le hidirnascacht nó rochtain.
Go háirithe, féadfaidh údarás rialála náisiúnta a éileamh ar chuideachta atá comhtháite go ceartingearach a praghsanna mórdhíola agus a praghsanna aistritheacha inmheánacha inter alia a dhéanamh trédhearcach chun comhlíonadh a áirithiú i gcás ina bhfuil oibleagáid ann le haghaidh neamh-idirdhealú faoi Airteagal 70 nó, i gcás inar gá, chun tras-fhóirdheonú éagothrom a chosc. Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta an fhormáid agus an mhodheolaíocht cuntasaíochta atá le húsáid a shonrú.