|
+Airteagal 79 1. |
Airteagal 79 1.Gnóthais a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu, féadfaidh siad gealltanais a thairscint don údarás rialála náisiúnta maidir le coinníollacha rochtana, comhinfheistíochta, nó maidir leis na coinníollacha rochtana agus comhinfheistíochta araon, a mbeidh feidhm acu maidir lena líonraí, inter alia i ndáil leis an méid seo a leanas:
(a)
socruithe comhoibritheacha atá ábhartha don mheasúnú ar oibleagáidí iomchuí agus comhréireacha de bhun Airteagal 68;
(b)
comhinfheistíocht i líonraí fíor-ardacmhainne de bhun Airteagal 76; nó
(c)
rochtain éifeachtach neamh-idirdhealaithe ag tríú páirtithe de bhun Airteagal 78, le linn tréimhse ina gcuirfidh gnóthas atá comhtháite go hingearach deighilt dheonach chun feidhme agus tar éis don chineál deighilte a mholtar a bheith curtha chun feidhme araon. Beidh go leor sonraí sa tairscint le haghaidh gealltanas, lena n-áirítear maidir le huainiú agus le raon feidhme an chuir chun feidhme agus ré na ngealltanas, chun go mbeidh an t-údarás rialála náisiúnta in ann a mheasúnú a dhéanamh de bhun mhír 2 den Airteagal seo. Féadfaidh na gealltanais sin dul thar na tréimhsí chun anailís mhargaidh a dhéanamh dá bhforáiltear in Airteagal 67(5). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|