Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh soláthraithe seirbhíse leordhóthanaí rochtana idirlín leathanbhanda agus na seirbhíse cumarsáide gutha dá dtagraítear in Airteagal 84 a chuireann seirbhísí ar fáil de bhun Airteagal 85 na saoráidí agus na seirbhísí sonracha mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, Cuid A a thairiscint, mar is infheidhme, chun gur féidir le tomhaltóirí faireachán a dhéanamh ar chaiteachas agus é a rialú agus go ndéanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbunóidh soláthraithe den sórt sin córas chun go seachnófaí dínascadh gan údar na seirbhíse cumarsáide gutha nó na seirbhíse leordhóthanaí rochtana idirlín leathanbhanda maidir le tomhaltóirídá dtagraítear in Airteagal 85, lena n-áirítear sásra iomchuí chun suim leanúnach in úsáid na seirbhíse a sheiceáil.
Féadfaidh na Ballstáit raon feidhme cur i bhfeidhm na míre seo a shíneadh go húsáideoirí deiridh ar micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide agus eagraíochtaí gan beann ar bhrabús iad orthu siúd.