I gcás ina bhfuil glanchostas na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche le ríomh i gcomhréir le hAirteagal 89, déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a áirithiú go bhfuil na prionsabail chun an glanchostas a ríomh, lena n-áirítear sonraí na modheolaíochta a mbainfear feidhm as, ar fáil go poiblí.
I gcás ina mbunaítear sásra chun glanchostais na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche, dá dtagraítear in Airteagal 90(2), a chomhroinnt, déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a áirithiú go mbíonn na prionsabail maidir le comhroinnt costas agus le cúiteamh an ghlanchostais ar fáil go poiblí.