Sula mbeidh tomhaltóir faoi cheangal conradh nó aon tairiscint chomhfhreagrach, soláthróidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, seachas seirbhísí tarchuir arna n-úsáid chun seirbhísí meaisín le meaisín a sholáthar, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5 agus Airteagal 6 de Threoir 2011/83/AE, mar aon leis an bhfaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Treoir seo, a mhéid a bheidh an fhaisnéis sin bainteach le seirbhís arna soláthar acu.
Cuirfear an fhaisnéis ar fáil ar bhealach soiléir cuimsitheach ar mheán buanfasach mar a shainmhínítear i bpointe (10) d'Airteagal 2 de Threoir 2011/83/AE nó, i gcás nach mbíonn a leithéid indéanta, i ndoiciméad ar furasta é a íoslódáil a chuirfidh an soláthraí ar fáil. Déanfaidh an soláthraí aird an tomhaltóra a tharraingt, go sainráite, ar infhaighteacht an doiciméid sin agus ar a thábhachtaí atá sé é a íoslódáil chun críocha doiciméadúcháin, mar phointe tagartha amach anseo, agus chun go n-atáirgfear gan athrú é.
Déanfar an fhaisnéis a chur ar fáil, arna iarraidh sin, i bhformáid inrochtana d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas i gcomhréir le dlí an Aontais lena gcomhchuibhítear na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme do tháirgí agus seirbhísí.