+Airteagal 102 Ceanglais faisnéise maidir le conarthaí
---+Airteagal 102 1.
---+Airteagal 102 2.
---+Airteagal 102 3.
---+Airteagal 102 4.
---+Airteagal 102 5.
---+Airteagal 102 6.
---+Airteagal 102 7.
|
Airteagal 102 Ceanglais faisnéise maidir le conarthaí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 102 1.
|
Sula mbeidh tomhaltóir faoi cheangal conradh nó aon tairiscint chomhfhreagrach, soláthróidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, seachas seirbhísí tarchuir arna n-úsáid chun seirbhísí meaisín le meaisín a sholáthar, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5 agus Airteagal 6 de Threoir 2011/83/AE, mar aon leis an bhfaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Treoir seo, a mhéid a bheidh an fhaisnéis sin bainteach le seirbhís arna soláthar acu.
Cuirfear an fhaisnéis ar fáil ar bhealach soiléir cuimsitheach ar mheán buanfasach mar a shainmhínítear i bpointe (10) d'Airteagal 2 de Threoir 2011/83/AE nó, i gcás nach mbíonn a leithéid indéanta, i ndoiciméad ar furasta é a íoslódáil a chuirfidh an soláthraí ar fáil. Déanfaidh an soláthraí aird an tomhaltóra a tharraingt, go sainráite, ar infhaighteacht an doiciméid sin agus ar a thábhachtaí atá sé é a íoslódáil chun críocha doiciméadúcháin, mar phointe tagartha amach anseo, agus chun go n-atáirgfear gan athrú é.
Déanfar an fhaisnéis a chur ar fáil, arna iarraidh sin, i bhformáid inrochtana d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas i gcomhréir le dlí an Aontais lena gcomhchuibhítear na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme do tháirgí agus seirbhísí.
|
|
Airteagal 102 2.
|
An fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, i mír 3 agus i mír 5, soláthrófar í freisin d'úsáideoirí deiridh ar micrifhiontair nó ar fiontair bheaganó eagraíochtaí gan beann ar bhrabús iad, ach amháin más rud é gur aontaigh siad go sainráite na forálacha sin nó codanna díobh a tharscaoileadh,
|
|
Airteagal 102 3.
|
Soláthróidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, seachas seirbhísí tarchuir arna n-úsáid chun seirbhísí meaisín le meaisín a sholáthar, achoimre bheacht sholéite den chonradh. Sainaithneoidh an achoimhre sin príomheilimintí na gceanglas faisnéise i gcomhréir le mír 1. Áireofar leis na príomheilimintí sin ar a laghad:
(a)
ainm, seoladh agus faisnéis teagmhála an tsoláthraí agus, má tá siad difriúil, faisnéis teagmhála le haghaidh gearán;
(b)
príomhghnéithe gach seirbhís a chuirtear ar fáil;
(c)
na praghsanna faoi seach le haghaidh na seirbhíse cumarsáide leictreonaí a ghníomhachtú agus maidir le haon mhuirir athfhillteacha nó tomhaltasbhainteacha, i gcás ina gcuirtear an tseirbhís ar fáil ar íocaíocht dhíreach airgeadaíochta;
(d)
ré an chonartha agus na coinníollacha maidir leis an gconradh a athnuachan agus a fhoirceannadh;
(e)
a mhéid atá na táirgí agus na seirbhísí ceaptha d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas;
(f)
maidir le seirbhísí rochtana idirlín, achoimre ar an bhfaisnéis a cheanglaítear de bhun pointí (d) agus (e) d'Airteagal 4(1) de Rialachán 2015/2120.
Faoin 21 Nollaig 2019, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le BEREC, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun teimpléad le haghaidh achoimre den chonradh a shonrú a bheidh le húsáid ag soláthraithe chun a n-oibleagáidí faoin mír seo a chomhlíonadh.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(4).
Soláthraithe atá faoi réir na n-oibleagáidí i mír 1 go mír 4, déanfaidh siad an fhaisnéis riachtanach a chomhlíonadh go cuí sa teimpléad sin le haghaidh achoimre den chonradh agus soláthróidh siad achoimre den chonradh in aisce do thomhaltóirí, roimh thabhairt i gcrích an chonartha, lena n-áirítear cianchonarthaí. I gcás ina mbeidh sé dodhéanta ar chúiseanna teicniúla oibiachtúla an achoimre ar an gconradh a sholáthar ag an uair sin, cuirfear ar fáil í gan aon mhoill mhíchuí ina dhiaidh sin, agus tiocfaidh an conradh in éifeacht nuair a bheidh sé dearbhaithe ag an tomhaltóir go n-aontaíonn sé nó sí leis an achoimre ar an gconradh tar éis í a fháil.
|
|
Airteagal 102 4.
|
Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 ina cuid dhílis den chonradh agus ní dhéanfar í a athrú ach amháin má chomhaontaíonn na páirtithe conarthacha sin go sainráite.
|
|
Airteagal 102 5.
|
I gcás ina ndéantar seirbhísí rochtana idirlín nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí a bhilleáil ar bhonn ama nó toirt an tomhaltais, tairgfidh soláthraithe na seirbhísí sin do thomhaltóirí saoráid lena mbeidh siad in ann faireachán agus rialú a dhéanamh ar úsáid an dá sheirbhís sin. Áireofar sa tsaoráid sin rochtain ar fhaisnéis thráthúil ar leibhéil tomhaltais na seirbhísí atá san áireamh i bplean taraife. Tabharfaidh soláthraithe, go háirithe, fógra chuig tomhaltóirí sula sroichtear aon teorainnúsáide arna bhunú ag údaráis inniúla, nuair is ábhartha, i gcomhordú le húdaráis rialála náisiúnta á gcur san áireamh ina bplean taraife, agus nuair a bheidh aon seirbhís dá n-áirítear ina bplean taraife tomhailte go huile is go hiomlán.
|
|
Airteagal 102 6.
|
Féadfaidh na Ballstáit forálacha a choimeád nó a thabhairt isteach ina ndlí náisiúnta lena gceanglaítear ar sholáthraithe faisnéis bhreise a chur ar fáil maidir leis an leibhéal tomhaltais agus chun cosc sealadach a chur ar thuilleadh úsáide den tseirbhís ábhartha de bhreis ar theorainn airgeadais nó toirte arna cinneadh ag an údarás inniúil.
|
|
Airteagal 102 7.
|
Beidh sé de shaoirse i gcónaí ag na Ballstáit, ina ndlí náisiúnta, forálacha a choimeád nó a thabhairt isteach i ndáil le gnéithe nach rialáiltear leis an Airteagal seo, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe nua atá ag teacht chun cinn.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L1972
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|