|
+Airteagal 103 3. |
Airteagal 103 3.Beidh an uirlis chomparáide dá dtagraítear i mír 2:
(a)
neamhspleách ó thaobh na hoibríochtúlachta de ar sholáthraithe seirbhísí den sórt sin, rud a fhágfaidh go n-áiritheofar go gcaitear go cothrom leis na soláthraithe sinsna torthaí cuardaigh;
(b)
nochtfaidh sí go soiléir úinéirí agus oibreoirí na huirlise comparáide;
(c)
leagfaidh sí amach critéir shoiléire agus oibiachtúla ar a mbunófar an chomparáid;
(d)
úsáidfidh sí focail atá soiléir agus gan débhríocht;
(e)
cuirfidh sí faisnéis bheacht agus atá cothrom le dáta ar fáil agus luafaidh sí an uair a rinneadh an nuashonrú is deireanaí;
(f)
beidh sí oscailte do gach soláthraí seirbhísí rochtana idirlín nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí a chuireann an fhaisnéis ábhartha ar fáil, agus áireofar raon leathan tairiscintí léi lena gclúdófar cuid shuntasach den mhargadh agus, i gcás nach dtugann an fhaisnéis a chuirtear i láthair forléargas iomlán ar an margadh, tabharfar ráiteas soiléir á rá sin, sula dtaispeántar na torthaí;
(g)
cuirfidh sí nós imeachta éifeachtach ar fáil chun faisnéis mhícheart a thuairisciú;
(h)
áiritheoidh sí go mbeifear in ann comparáid a dhéanamh ó thaobh praghsanna, taraifí agus cáilíocht fheidhmíocht na seirbhíse de idir tairiscintí atá ar fáil do thomhaltóirí agus, má cheanglaíonn na Ballstáit é, idir na tairiscintí sin agus na tairiscintí caighdeánacha sin atá ar fáil go poiblí a chuirtear ar fáil d'úsáideoirí deiridh eile. Uirlisí comparáide a chomhlíonann na ceanglais i bpointí (a) go (h), deimhneoidh na húdaráis inniúla i gcomhordú leis na húdaráis rialála náisiúnta iad, nuair is ábhartha, arna iarraidh sin do sholáthraí na huirlise. An fhaisnéis a fhoilseoidh soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí, beidh sé de cheart ag tríú páirtithe í a úsáid, in aisce agus i bhformáid sonraí oscailte. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|