Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh úsáideoirí deiridh uile na seirbhíse dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear iad sin a úsáideann táillefóin phoiblí, in ann glao a chur ar na seirbhísí éigeandála saor in aisce agus nach mbeidh orthu aon mhodh íocaíochta a úsáid, trí leas a bhaint as an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112” agus aon uimhir náisiúnta éigeandála a shonraíonn na Ballstáit.
Cuirfidh na Ballstáit chun cinn rochtain ar na seirbhísí éigeandála leis an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112” ó líonraí cumarsáide leictreonaí nach bhfuil ar fáil don phobal ionas gur féidir glaonna a dhéanamh chuig líonraí poiblí, go háirithe nuair nach gcuireann an gnóthas is freagrach as an líonra sin rogha éasca eile ar fáil chun an tseirbhís éigeandála a rochtain.