+Airteagal 109 Cumarsáid éigeandála agus an uimhir éigeandála aonair Eorpach
---+Airteagal 109 1.
---+Airteagal 109 2.
---+Airteagal 109 3.
---+Airteagal 109 4.
---+Airteagal 109 5.
---+Airteagal 109 6.
---+Airteagal 109 7.
---+Airteagal 109 8.
|
Airteagal 109 Cumarsáid éigeandála agus an uimhir éigeandála aonair Eorpach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 109 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh úsáideoirí deiridh uile na seirbhíse dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear iad sin a úsáideann táillefóin phoiblí, in ann glao a chur ar na seirbhísí éigeandála saor in aisce agus nach mbeidh orthu aon mhodh íocaíochta a úsáid, trí leas a bhaint as an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112” agus aon uimhir náisiúnta éigeandála a shonraíonn na Ballstáit.
Cuirfidh na Ballstáit chun cinn rochtain ar na seirbhísí éigeandála leis an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112” ó líonraí cumarsáide leictreonaí nach bhfuil ar fáil don phobal ionas gur féidir glaonna a dhéanamh chuig líonraí poiblí, go háirithe nuair nach gcuireann an gnóthas is freagrach as an líonra sin rogha éasca eile ar fáil chun an tseirbhís éigeandála a rochtain.
|
|
Airteagal 109 2.
|
Déanfaidh na Ballstáit, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na húdaráis rialála náisiúnta agus le seirbhísí éigeandála agus soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí, a áirithiú go ndéanfaidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá ar fáil go poiblí, i gcás ina ligtear, leis na seirbhísí sin, d'úsáideoirí deiridh glaonna a dhéanamh ar uimhir i bplean uimhrithe náisiúnta nó idirnáisiúnta, rochtain a thabhairt ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála leis an PFGE is iomchuí.
|
|
Airteagal 109 3.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfreagrófar mar is iomchuí na glaonna chuig an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112” agus go láimhseáiltear iad ar an mbealach is fearr a oireann d'eagrú náisiúnta na gcóras éigeandála. Freagrófar glaonna éigeandála den sórt sin agus láimhseálfar iad chomh tapa agus chomh héifeachtach mar a dhéantar le glaonna éigeandála chuig an uimhir nó chuig na huimhreacha éigeandála náisiúnta, i gcás ina bhfuil siad fós in úsáid.
|
|
Airteagal 109 4.
|
Faoin 21 Nollaig 2020 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir lena éifeachtaí atá cur chun feidhme na huimhreach aonair éigeandála Eorpaí “112”.
|
|
Airteagal 109 5.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar rochtain ar sheirbhísí éigeandála d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas trí chumarsáid éigeandála agus go mbeidh an rochtain sin ag teacht leis an rochtain a bhíonn le fáil ag úsáideoirí deiridh eile, i gcomhréir le dlí an Aontais lena gcomhchuibhítear ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí,. Déanfaidh an Coimisiún agus na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile bearta iomchuí chun a áirithiú go bhféadfaidh úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas rochtain a fháil ar sheirbhísí éigeandála ar bhonn a bheidh coibhéiseach le húsáideoirí deiridh eile, agus iad ag taisteal i mBallstát eile, nuair is indéanta, gan aon réamhchlárú. Leis na bearta sin, féachfar le hidir-inoibritheacht a áirithiú ar fud na mBallstát agus bunófar iad, a oiread is féidir, ar chaighdeáin nó sonraíochtaí Eorpacha a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 39. Ní choiscfidh bearta den sórt sin na Ballstáit ó cheanglais bhreise a ghlacadh chun na cuspóirí a leagtar amach san Airteagal seo a shaothrú.
|
|
Airteagal 109 6.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirtear faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora ar fáil don PFGE is iomchuí gan mhoill tar éis don chumarsáid éigeandála a bheith curtha ar bun. Áireofar air sin faisnéis líonrabhunaithe faoin suíomh agus, i gcás ina bhfuil sí ar fáil, faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a fhaightear ón sás láimhe. Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhfuil bunú agus tarchur na faisnéise faoi shuíomh an úsáideora deiridh in aisce don úsáideoir deiridh agus don PFGE maidir le gach cumarsáid éigeandála chuig an uimhir éigeandála Eorpach “112”. Féadfaidh na Ballstáit an oibleagáid sin a shíneadh go dtí gach glao éigeandála chun uimhreacha éigeandála náisiúnta a chlúdach. Déanfaidh na húdaráis rialála inniúla, más gá tar éis dóibh dul i gcomhairle le BEREC, critéir do chruinneas agus d'iontaofacht fhaisnéis shuíomh an ghlaoiteora a sholáthraítear.
|
|
Airteagal 109 7.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar dóthain faisnéise d'úsáideoirí deiridh faoin uimhir aonair éigeandála Eorpach “112” a bheith ann agus faoi úsáid na huimhreach sin, agus faoi na heilimintí inrochtaineachta a ghabhann léi, lena n-áirítear trí thionscnaimh lena ndírítear go sonrach ar dhaoine atá ag taisteal idir na Ballstáit, agus ar dhaoine faoi mhíchumas. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil i bhformáidí inrochtana, lena dtabharfar aghaidh ar chineálacha éagsúla míchumais. Tacóidh an Coimisiún le gníomhaíocht na mBallstát agus comhlánóidh siad í.
|
|
Airteagal 109 8.
|
Chun rochtain éifeachtach ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála chuig uimhir aonair éigeandála Eorpach “112” sna Ballstáit a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle le BEREC, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 117 mar fhorlíonadh ar mhír 2, mír 5 agus mír 6 den Airteagal sin maidir leis na bearta is gá chun comhoiriúnacht, idir-inoibritheacht, cáilíocht, iontaofacht agus leanúnachas chumarsáid éigeandála san Aontas a áirithiú maidir le réitigh faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora, rochtain d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas agus ródú chuig an PFGE is iomchuí. Glacfar na cinn tosaigh de na gníomhartha tarmligthe sin faoin 21 Nollaig 2022.
Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin gan dochar d'eagrú na seirbhísí éigeandála agus ní bheidh aon tionchar acu ar eagrú na seirbhísí sin, mar chuid d'inniúlacht eisiach na mBallstát i gcónaí.
Coimeádfaidh BEREC bunachar sonraí d'uimhreacha E.164 de chuid na seirbhísí éigeandála na mBallstát lena áirithiú go mbeidh siad in ann teagmháil a dhéanamh le chéile ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, i gcás nach ndéanfaidh eagraíocht eile bunachar dá shórt a choimeád.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L1972
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|